An difríocht idir athruithe ar: "An Amáiris"

Content deleted Content added
mNo edit summary
No edit summary
Líne 16:
 
Mar theanga Sheimíteach, tá an Amáiris gaolmhar leis an [[An Araibis|Araibis]], leis an [[An Aramais|Aramais]], agus leis an [[An Eabhrais|Eabhrais]]. Is iad na gaolta is dlúithe atá aici i Leathinis na hAraibe, áfach, na teangacha a bhí á labhairt ag muintir Dheisceart na hAraibe sula ndeachaigh an Araibis (nach raibh inti ach teanga an Tuaiscirt ar dtús) ina n-áit le teacht an Ioslaim.
[[Íomhá:Ethiopian anthem (since 1992) in amharic.jpg|clé|mion|An t-amhrán náisiúnta ó 1922]]
 
Murab ionann agus an Araibis is an Eabhrais (nó an Ghaeilge), cuireann an Amáiris an aidiacht roimh an ainmfhocal (cosúil leis an mBéarla). Tionchar ó theangacha neamh-Sheimíteacha an réigiúin is cúis leis an athrú seo, is dócha. Ceann eile de shaintréithre na dteangacha Séimíteacha nach bhfuil chomh coitianta san Amáiris is ea na "hiolraí briste", a úsáidtear go minic san Araibis - is é sin, cuirtear uimhir iolra an ainmfhocail in iúl tríd na gutaí taobh istigh den fhocal a athrú. Ní féidir a rá go mbeadh na hiolraí briste seo imithe go hiomlán as an Amáiris, ach tá sé i bhfad bhfad níos tipiciúla iarmhír iolra a chur leis an ainmfhocal. Na hiolraí briste a úsáidtear i gcónaí, is iasachtaí iad go minic as an teanga [[Ge'ez]]. Is éard atá i gceist leis an teanga Ge'ez ná seanteanga chlasaiceach na hAetóipe a mbaintear úsáid éigin aisti i gcónaí san eaglais. Tá sí gaolmhar leis an Amáiris, ach is dócha go bhfuil an gaol leis an Tigrinis níos dlúithe.
[[Íomhá:Amharic vowel chart.svg|mion|Allafóin]]
 
Siúd is nach mbíonn na hiolraí briste coitianta san Amáiris a thuilleadh, tá córas na dtamhan tríchonsanach is dual do na teangacha Seimíteacha ann, agus baintear úsáid as le focail nua a fhréamhú is a chumadh san Amáiris.