An difríocht idir athruithe ar: "Eodacsas as Cniodas"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Réalteolaí]] is [[matamaiticeoir]] Gréagach ab ea '''Eodacsas as Cniodas''' (c 408-c 355 RC). Áireamh fhad na bliana grianda leagtha air. Chuir sé leis an [[Geoiméadracht|ngeoiméadracht]] Eoiclídéach freisin.
Mac léinn de chuid [[Platón|Phlatón]] a bhí ann. Tá a chuid saothar ar fad caillte anois, cé go bhfuil míreanna de caomhnaithe i ngluais [[Hipparcos]] ar dán de chuid [[Aratos]] faoin réalteolaíocht.<ref>Lasserre, François (1966) ''Die Fragmente des Eudoxos von Knidos'' (de Gruyter: Berlin)</ref> Is féidir go bhfuil príomhshaothar de chuid [[Teodóisios Bhitinia|Theodóisios Bhitinia]], ''Sféiric'', bunaithe ar shaothar a scríobh Eodacsas.
 
==Saol==
Is é "onórtha" nó "a bhfuil dea-ainm air" an chiall atá lena ainm ([[An tSean-Ghréigis|Sean-Ghréigis]]: εὔδοξος, as ''eu'' "dea-" agus ''doxa'' "tuairim, creideamh, cáil"). Tá sé inchurtha leis an ainm úd sa [[Laidin]] Benedictus.
 
Bhaineadh athair Eodocsas, Aeschines as Cniodas, taitneamh as a bheith ag breathnú ar na [[réalta]]í san oíche. Agus é ina óigfhear, thug Eodocsas aghaidh ar [[Taranto]], san [[An Iodáil|Iodáil]] chun staidéar a dhéanamh faoi Archytas agus d'fhoghlaim sé an mhatamaitic uaidh. Thug sé cuairt ar an t[[An tSicil|Sicil]] freisin, mar a ndearna sé staidéar ar an leigheas faoi [[Philisotion as Locri|Philistion]].
 
Thart ar 387 RC, in aois a 23 bliana, thaistil sé leis an lia [[Theomedon]], a cheap roinnt daoine a bheith ina leannán aige dar le Diogenes Laërtius,<ref>Diogenes Laertius; VIII.87</ref> go dtí an [[An Aithin|Aithin]] chun staidéar a dhéanamh le lucht leanúna [[Socraitéas]]. Sa deireadh d'fhreastail sé ar léachtaí [[Platón|Phlatón]] agus fealsaimh eile ar feadh roinnt míonna. Tar éis tamaill, áfach d'éirigh idir Eodocsas agus Theomedon. D'fhág sin Eodocsas ar an mblár folamh.
 
==Tagairtí==