An difríocht idir athruithe ar: "Liam Mac Cosgair"

Content deleted Content added
Cealaíodh athrú 864500 le 106.2.230.38 (plé)
Tyuiop (plé | dréachtaí)
No edit summary
chlib amháin: 2017 source edit
Líne 14:
|sloinne=Mac Cosgair
}}
 
B'é '''Liam Mac Cosgair''' (''Liam Cosgrave'' i mBéarla ) cúigiú [[Taoiseach]] na [[Éire|hÉireann]]. Rugadh é ar [[13 Aibreán]], [[1920]] – 2017/10/4 agus bhí sé ina Thaoiseach ó [[1973]] go [[1977]].
Bhí Liam Mac Cosgair (Liam Cosgrave nó William Michael Cosgrave i mBéarla ) ar an cúigiú Taoiseach (ceannaire rialtais na hÉireann) ([[13 Aibreán]], [[1920]] – [[4 Deireadh Fómhair]] [[2017]]). Bhí a athair WT Cosgrave nó Liam Tomás Mac Cosgair i gceannas ar Éirinn ó 1922 go dtí 1932
==Polaitaíocht==
Chláraigh sé le páirtí a athar, Fine Gael, nuair a bhí sé 17 bliain d’aois<ref> https://tuairisc.ie/an-tiarthaoiseach-liam-cosgrave-imithe-ar-shli-na-firinne/ </ref>. Toghadh Mac Cosgair ina Theachta Dála do Bhaile Átha Cliath den chéad uair i 1943, agus é 23 bliain d’aois.
Ceapadh í Mac Cosgair ina Phríomh-Aoire sa [[Dáil]] i 1948. Tugadh aireacht dó i 1954. Ba é a bhí ina Aire Gnóthaí Eachtracha i 1955 nuair a glacadh le hÉirinn mar bhall de na [[Náisiúin Aontaithe]].
Bhí Mac Cosgair ina cheannaire ar an bpáirtí polaitíochta Fine Gael ó 1965 ar aghaidh. Ceithre bliana ina dhiaidh sin, theip ar iarrachtaí Fhine Gael móramh a bhaint amach sa Dáil. Cuireadh brú mór ar Cosgrave éirí as an gceannaireacht. Sheas sé an fód, mar a rinne sé go minic ina dhiaidh sin, i gcoinne na liobrálaigh óga (mar shampla [[Garret Fitzgerald]]) a bhí ag teacht chun tosaigh ina pháirtí.
Le linn Ghéarchéim na nArm, chuir Mac Cosgair brú ar an [[Rialtas]] agus ar cheannaire Fhianna Fáil dul i ngleic leis na hairí a raibh baint acu le hiompórtáil arm don IRA.
Sa bhliain 1971/1972, thacaigh Mac Cosgair le reachtaíocht de chuid an Rialtais a raibh faoi cur i gcoinne an IRA, in ainneoin go raibh cuid mhaith de bhaill a pháirtí ar son gan tacú leis na dlíthe nua.
==Taoiseach==
Tháinig deireadh le réimeas sé bliana déag Fhianna Fáil ag olltoghchán 1973. Tháinig comhrialtas d’Fhine Gael agus de Pháirtí an Lucht Oibre i gcumhacht. Bhí Liam Mac Cosgair, ceannaire Fhine Gael mar thaoiseach ar an chomhrialtas<ref> http://www.cogg.ie/wp-content/uploads/o-chlochaois-go-spasras.pdf </ref>. Bhí sé ina Thaoiseach ar Éirinn idir 1973-77. I measc na nAirí a cheap sé ina rialtas nua bhí a chomharba [[Garret Fitzgerald]], [[Pádraig Ó Donnagáin]] agus [[Conor Cruise O’Brien]].
Ba le linn dó a bheith ina Thaoiseach:
* Géarchéim. An 22 Deireadh Fómhair 1976, d'éirigh [[Cearbhall Ó Dálaigh]] as oifig mar uachtarán nuair nár ghlac Mac Cosgair le héirí as oifig [[Pádraig Ó Donnagáin|Donegan]]. Ansin cheap Mac Cosgair Pádraig Ó Donnagáin mar Aire na Talún ag deireadh na bliana 1976.
* Scannall. Chuir sé in aghaidh an bhille a thug a Aire Dlí agus Cirt féin, [[Patrick Cooney]], os comhair na Dála i 1974 leis na dlíthe a riar iompórtáil agus díol táirgí frithghiniúna. Theip ar an mbille.
* Fógraíodh sa Dáil deireadh leis an riail Gaeilge le bheith ina riachtanas don státséirbhís sa bhliain 1974
* Chomh maith leis sin, dhún an Taoiseach (le cabhair Richard Burke) na coláistí oiliúna do mhúinteoirí bunscoile na hÉireann a bhí freagrach as múinteoirí nua a oiliúint sa Ghaeilge agus sna hábhair bhunscoile eile<ref> https://tuairisc.ie/is-gearrscealai-gaeilge-me-cen-fath-nach-bhfuil-aon-ghnathleitheoiri-agam/</ref>.
Tháinig deireadh le tréimhse mac Cosgair mar thaoiseach agus mar cheannaire ar Fhine Gael i 1977 tar éis do Fhianna Fáil go leor suíochán a bhuachan, go mór mór i mBaile Átha Cliath. [[Garret Fitzgerald]] a tháinig i gcomharbacht air mar cheannaire ar Fhine Gael.
Choinnigh Mac Cosgair a shuíochán sa Dáil ar feadh beagnach dhá scór bliain, go dtí gur éirigh sé as an bpolaitíocht i 1981. Fear ionraic i measc polaiteoirí a bhí i Liam Cosgrave. Ní minic a deirtear rud<ref> http://gaeltacht21.blogspot.fr/ 5 D.F 2017</ref>
==Saol==
Rugadh Mac Cosgair i g[[Caisleán Cnucha]] i m[[Baile Átha Cliath]] le linn Chogadh na Saoirse. Ba mhac é le Liam T. Mac Cosgair, an chéad cheannaire ar [[rialtos]] an tSaorstáit.
Bhí Liam (agus a dheartháir, Micheál), ina ndaltaí scoile i g[[Carna]] i nGaeltacht Chonamara i 1930<ref>https://tuairisc.ie/cuimhni-cinn-ar-liam-cosgrave-i-gcarna-mar-a-raibh-se-ar-scoil-i-1930/</ref>.
Bhain sé céim sa [[dlí]] amach i 1943 in Óstaí an Rí.
Bhásaigh an t-iarthaoiseach ar an [[4 Deireadh Fómhair]][[ 2017]] agus é 97 bliain d'aois. Bhí an tsochraid ar siúl i [[Ráth Fearnáin]], BÁC. Bhí sochraid a athar ar siúl sa [[séipéal]] céanna 52 bliain o sin.
 
== Tagairtí ==