Fáilte cuir in eagar

Haigh, Optimistic Wikipedian. Tá fáilte romhat chuig an Vicipéid! Go raibh maith agat as do chuid dréachtaí a chur suas anseo. Tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh as do chuid ama anseo! Tá sé éasca ailt nua a chruthú, agus thig leat dul go dtí an Halla Baile chun caint leis na Vicipéideoirí eile (más mian leat é sin a dhéanamh), nó dul go dtí an Lárionad Comhphobail chun breathnú ar na heachtraí Vicipéide is déanaí. Tá breis eolais fóintigh in ár reamhrá, freisin.

Más é do thoil é, sínigh do chuid theachtaireachtaí ar leathanaigh phlé le ceithre thilde a chlóscríobh; ciallaíonn sé sin go hionsáfar d'ainm úsáideora agus an dáta go huathoibríoch. Má tá cabhair ag teastail uait, féach ar Vicipéid:Cabhair, nó cuir ceist ormsa nó ar na heagarthóirí eile ar ár leathanaigh phlé. Beir bua! SeoMac (plé) 23:53, 9 Eanáir 2018 (UTC)Reply

Aistriúchán uathoibríoch cuir in eagar

Go raibh maith agat as na hailt a chur tú suas anseo faoi Aidan Guillen agus John Cena. Má úsáideann tú aistriúchán uathbríoch, tá tú freagrach as an Ghaeilge san alt a ghlanadh suas. Caithfidh an Ghaeilge a bheith réasúnta soléite. Nuair a fhágann duine aistriúchán uathoibríoch lom mar a tháinig sé amach ó chóras aistriúcháin den chineál sin, beidh orainn an t-alt nó cuid mhaith den alt a scriosadh. Is uirlis é ach caithfidh a bheith cúramach leis.

Nod beag duit (agus do dhaoine eile anseo freisin) faoi na tagairtí: Nuair a bhíonn an focal title mar chuid de thagairt, caithfidh é a aistriú go "teideal" an chuid is mó den am.

Is rogha ábhair maith é Aidan Guillen. SeoMac (plé) 00:25, 10 Eanáir 2018 (UTC)Reply

Go raibh maith agat as na cinnirí suas. Optimistic Wikipedian (plé) 01:46, 10 Eanáir 2018 (UTC)Reply