An difríocht idir athruithe ar: "Néarchóras"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'An chuid den cholainn atá i mbun na codanna éagsúla a rialú is a iomlánú, agus modhanna a chur ar fáil chun gur féidir leis an ainmhí freagairt don timpe...'
 
cata
Líne 1:
An chuid den [[colainn|cholainn]] atá i mbun na codanna éagsúla a rialú is a iomlánú, agus modhanna a chur ar fáil chun gur féidir leis an [[ainmhí]] freagairt don [[timpeallacht]] athraitheach is a thaobh istigh a choinneail socair ag an am céanna. Cuimsíonn sé na [[Néarón|néaróin]], agus cealla a thacaíonn leo. Déantar eolas a aistriú idir [[néarcheall|néarchealla]] ag sionapsaí trí fhuascailt ábhair tarchuradóra. Déanann sé [[cumarsáid]] le [[Fíochán|fíocháin]] eile na colainne trí fhuascailt dhíreach ábhair tarchuradóra ar an bhfíochán (de ghnáth i gcomhar le hábhar cabhraitheach éigin eile, cosúil le [[Einsím|heinsím]]) nó trí fhuascailt [[hormón]] isteach in imshruthú na [[Fuil|fola]] (go díreach ón néarchóras nó ó fhaireoga eincríneacha faoina stiúir). Maidir le gach gníomhaíocht den néarchóras, bíonn 3 chomhchuid: gníomh céadfach nó glactha, gníomh iomlánaithe, agus gníomh luadrach nó feidhmithe. Sna hardainmhithe, tá an chomhchuid iomlánaithe níos forbartha ná na codanna gníomhartha eile, agus comhdhéanann sí mórchuid an néarchórais. Sa bhfoirm is simplí, mar shampla sna céalantrátaigh, ní bhíonn sa néarchóras ach líonra réscaipthe de chealla idircheangailte. De réir mar a éiríonn an t-ainmhí níos casta, éiríonn an líonra seo níos eagraithe ina chórda fada díreach, bailíonn na néaróga luadracha is na néaróga céadfacha, agus faoi dheireadh forbraíonn aonad mór iomlánaithe (an [[inchinn]]). I [[Mamach|mamaigh]] roinntear an néarchóras ina chuid lárnach is a chuid fhorimeallach, an dá chuid ag feidhmiú le chéile mar aonad feidhmithe. Sa chuid lárnach atá an inchinn is [[corda an dromlaigh]], agus gach fochuid eile sa chuid fhorimeallach. I measc neamhoird, galair is ionfhabhtuithe an néarchórais tá an [[néarailge]], an [[Pairilis|phairilis]], na galair prión, agus an [[teiteanas]].
 
{{Fréamh an Eolais}}
{{síol}}
 
[[Catagóir:Néarchóras]]