An difríocht idir athruithe ar: "Roibeard Emmet"
Content deleted Content added
Ceartúcháin |
→Luath Saol: mioncheartúchán |
||
Líne 8:
Saolaíodh Roibeard Emmet ag 109 [[Faiche Stiabhna]], i m[[Baile Átha Cliath]] ar an 4ú Márta 1778. Bhí sé mar an mac is óige ag Dochtúir Roibeard Emmet (1729-1802), lia cúirte, agus a bhean chéile, Elizabeth Mason (1739-1803). Bhí teaghlach Emmet compordach ó thaobh airgead de. Bhí teach acu i bhFaiche Stiabhna agus teach cónaithe faoin tuath acu gar do [[Baile an Mhuilinn (Baile Átha Cliath)|Bhaile an Mhuilinn]]. Ba é an náisiúnach [[Thomas Addis Emmet]] duine de dheartháireacha Roibeaird Emmet agus bhí Tomás mar dhlúth-chara le [[Theobald Wolfe Tone]] agus thug Wolfe Tone cúirteanna ar an teach go minic nuair nach raibh Roibeard ach páiste.
D'fhreastail Emmet ar scoil Oswald i Lána an Óir i mBaile Átha Cliath. Chuaigh Emmet isteach i g[[Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath|Coláiste na Tríonóide]], [[Baile Átha Cliath]] i mí Dheireadh Fómhair 1793, gan é ach 15. I mí na Nollag 1797 ghlac sé ballraíocht le Cumann Stairiúil an Choláiste, cumann díospóireachta. Agus é sa choláiste, thosaigh a dheartháir Tomás agus cúpla dá chairde a bheith páirteach i ngníomhaíochas pholaitiúil. Fuair Roibeard post mar rúnaí ar choiste rúnda sa choláiste de chuid Chumann na nÉireannach Aontaithe, agus caitheadh amach as an gcoláiste é i mí Aibreáin 1798 dá dheasca. Sa bhliain chéanna theith sé go dtí an Fhrainc agus é ag iarraidh gabháil a sheachaint. Ag an am seo bhí
== Éirí Amach 1803 ==
|