An difríocht idir athruithe ar: "Stair Bhaile Átha Cliath"

Content deleted Content added
Téacs curtha ar ais leis a bhí caillte
Líne 12:
Bhí margadh sclábhaithe mór i mBaile Átha Cliath san aimsir a bhí na Lochlannaigh i gcoróin ann. Níorbh iad amháin na Lochlannaigh a ghabh agus a dhíol na sclábhaithe; ghlac na Taoisigh Ghaelacha gur minic a bhí siad i mbun cogaíochta, páirt leis, freisin.<sup>[[Stair Bhaile Átha Cliath#endnote b|b]]</sup>
 
Rinne lucht Bhaile Átha Cliath cothrom míle bliain bhunaidh na cathrach a cheiliúradh in 1988 faoin sluán ''"Dublin’s great in ‘88".'' Tá an chathair i bhfad níos sine ná sin, ach sa bhliain atá i gceist ansin, 888, d’aithin an Rí Lochlannach údarás Ghlun Iarainn mar Ardrí na hÉireann, ghlac sé go n-íocfar cánacha dósan agus ghlac sé leis an bh[[An Féineachas|Féineachas]] mar chóras dlí chomh maith. Cé gur ceiliúradh an bhliain sin, is léir nach dáta cruinn atá i gceist: in 989 (bhliain amháin i ndiaidh 988) chuir <nowiki>[[Máel Sechnaill mac Domnaill|Mael Seachlainn]]</nowiki> an chathair faoi léigear ar feadh 20 lá agus d’éirigh leis í a ghabháil. Níorbh é siúd a chéad iarracht dó ionsaí a dhéanamh ar an gcathair, ach oiread.
 
d
 
iaidh
 
Tharla gur éirigh le Baile Átha Cliath a bheith mar chroílár cumhachta Sasanaí i ndiaidh theacht na Normannach agus an ghabháil a rinne siad ar thaobh dheas na hÉireann (i g[[Cúige Mumhan]] agus i g[[Cúige Laighin|Cúige Laighean]]) idir 1169 agus 1171, rud a d’fhág go raibh polaití na hÉireann dírithe ar Bhaile Átha Cliath as sin amach seachas ar [[Teamhair|Theamhair na Ríthe]] — croílár chumhacht Ardríthe Gaelacha na hÉireann. Dheonaigh Seán, Tiarna Éireann, céad Chairt na Saoirsí de chuid Bhaile Átha Cliath ar an 15 Bealtaine 1192, cairt ina ngair sé ar "a ghéillsinigh agus a chairde Francacha, Sasanacha, Éireannacha agus Breatnacha”. Ar an 15 Bealtaine 1229, dheonaigh a mhacsan Hanraí an deis Méara a thofa ar shaoránaigh; bheadh dhá phropast ag an Méara siúd mar chúntóirí.<ref>Dublin Historical Record vol.46 (1993) pp.5–14.</ref> Faoi 1400, bhí na concairí Angla-Normannacha tógtha isteach sa chultúr Gaelach, agus chuaigh siad isteach le nósanna agus le teanga na nGael, rud a d’fhág nach raibh fágtha faoi riail dhíreach Sasana ach limistéar beag timpeall ar Bhaile Átha Cliath, ar ar tugadh [[an Pháil]].