An difríocht idir athruithe ar: "Dara Éirí Amach i nDeasmhumhain"

Content deleted Content added
→‎An tÉirí Amach i Laighin: alt beag curtha leis
alt curtha leis
Líne 89:
 
== An tÉirí Amach i Laighin ==
I mí Iúil 1580, rinne Fiach Mac Aodh Ó Broin, a bhí lonnaithe i sléibhte Chill Mhantáin, tús a chur leis an reibiliún in oirthear na hÉireann. Chuir sé comhghuaillíocht de thiarnaí agus taoisigh as an réigiún sin le chéile, agus Caomhánaigh, an Ua Tuathail, agus an Ua Mórda ina measc. Bhí a lán de na fórsaí sin ag troid in aghaidh gharastúin na Sasanach ó am go chéile le blianta beaga anuas, ag an am sin. Ba chúis ar leith iad na dúnmharuithe gan chúis a rinne oifigeach Sasanach a bhí bunaithe i gCill Mhantáin darbh ainm Masterson chun cuid mhaith de na baiclí siúd a mhealladh chun éirí amach, de réir dealraimh. MarChun dhiúltú siombalach denan riail Shasanach a dhiúltú go siombalach, rinne na reibiliúnaithe teideal Rí Laighean a bhronnadh ar Créón Mac Murchú Caomhánach, a raibh an teideal céanna ag a muintirmhuintir sinsearach roimh teacht na Sasanach. Chuaigh James Eustace Bíocunta Bhealach Conglais, Tiarna de chuid Shean-Ghaill na Pála de shliocht mhuintir Mercia, ar spreagadh é de bharr an creideamh cráifeach a bhí aige sa Caitliceachas go príomha, isteach leis Ó Broin.
 
I mí Lúnasa, chuaigh Seán Dheasmhumhan agus Nicholas Sanders i gcomhar a chéile leis an mBíocunta Bhealach Conglais i gContae Laoise in iarracht comheagar a chur ar a gcuid fórsaí, ach cé is moite den chomhoibriú teoranta a rinneadar i gcríocha Ghleann na Bearuithe, níor éirigh leo comhstraitéis a chur i gcrích. Mar sin féin, b’údar mór imní do na Sasanaigh é briseadh amach an reibiliún chomh gar sin do croílár rialtas na Sasanach i mBaile Átha Cliath
Líne 98:
 
Crochadh roinnt mhaith daoine ón bPáil agus ó cheantair eile ina raibh na Sean-Gaill lonnaithe, dála Loch Garman (ina raibh muintir na háite i gcónaí dílis d’údarás na Sasanach) as a bheith ina mbrathadóirí. Bhí Diarmaid Ó hUrthuile Ardeaspag Caitliceach Chaisil i measc iadsan a gcuireadh chun báis iad, agus chomh maith leis sin fuair Margaret Ball, bean chéile Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath agus í i gcarcair i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Is minic a d’fhógair iadsan a cuireadh chun báis iad a gcreideamh Caitliceach ón scafall agus a tugadh an Eaglais ómós dóibh mar mhairtírigh Chaitliceacha ina dhiaidh dá dheasca.[1] Ba phríomhchúinse é an tsraith básuithe siúd sa tslí ina scaoileadh na Sean-Ghaill ón stát faoi riail na Sasanach in Éirinn ar bhonn fadtréimhseach.
 
== Teacht i dtír fhórsaí an Phápa i 1580 agus an sléacht i nDún an Óir ==
Ar an 10 Meán Fómhair 1580, tháinig 600 trúpaí de chuid an Phápa (Spáinnigh agus Iodálaigh araon) faoi stiúir Sebastiano di San Giuseppe (nó Sebastiano de Modena mar is fearr aithne) i dtír ag Dún an Óir, gar leis an ball ina tháinig Mac Muiris i dtír an bhliain roimhe sin. Bhí an Pápa Gríogaire tar éis íocadh astu agus iad a chur ar seol chun cuidiú leis an reibiliún. Rinne Deasmhumhain, Bhealach Conglais agus Seán Dheasmhumhan iarracht teacht in éineacht leis an bhfórsa sluaíochta ach bhlocáil Oirmhumhain agus Grey iad agus rinneadh longa fhórsaí an Phápa a imshuí sa bhá ag Dún an Óir nuair a ghníomhaigh Richard Bingham go gasta leis an loingeas faoina stiúir. Ní raibh rogha ná rogha ag San Giuseppe ach na fir faoina chúram a dhaingniú sa dún ag Dún ár Óir.
 
== Rannpháirtithe suntasacha ==