An difríocht idir athruithe ar: "Impireacht na Rúise"

Content deleted Content added
mNo edit summary
No edit summary
Líne 50:
=== I ndiaidh Pheadair ===
[[Íomhá:Catherine I of Russia by Nattier.jpg|thumb|260px|[[Caitríona I na Rúise|Caitríona I]], Banimpire na Rúise]]
I ndiaidh Pheadair, b'í a bhaintreach, [[Caitríona I na Rúise|Caitríona]], ba túiscethúisce a chuaigh i mbun na tíre, ach fuair sí bás i ndiaidh chupla bliain. B'é garmhac Pheadair, Peadar a Dó, a tháinig i gcomharbas uirthi. Ní raibh ann ach buachaill óg a tholg ulpóg a bháis sula raibh d'uain ag lucht na cúirte é a chorónú ina Impire. Ansin, b'í Áine (nó ''Anna Ioannovna''), bandiúc Kurland agus neacht shean-Pheadair, a thosaigh ag rialú na tíre. Ní raibh inti ar dtús ach ban-Impire sealadach a raibh diansrianta lena cumhacht. Ní raibh sí sásta leis na srianta sin, áfach, agus nuair a chonaic sí an chéad áiméar, chaith sé lucht na comhairle rúnda sa phríosún. Ó bhí baint ag Áine le diúcacht Kurland sa [[An Laitvia|Laitvia]], d'fháiltigh sí chuici uaisle ón gcearn sin den domhan, agus fuair cuid mhór acu an-chéimíocht sa chúirt. Lucht labhartha Gearmáinise ab ea iad, mar ba dual d'uasalaicme na Laitvia, agus dímheas acu ar an Rúisis is ar nósanna na tíre. Mar sin, fuair na Rúisigh iad féin curtha i leataobh ina bpríomhchathair féin.
 
B'é leannán Áine, Ernst Johann von Biron, a bhí i gceannas ar lucht leanúna an bhanimpire, ach nuair a bhásaigh Áine, d'éirigh idir eisean agus peataí eile na caillí, ionas go ndearnadh príosúnach de. Bhí na cúrsaí comharbachta ina bpraiseach i gcónaí, agus is mar sin a d'fhan siad, go dtí go ndearna Éilís (Yelizaveta), deirfiúr Pheadair Mhóir, an chumhacht a fhorghabháil le láimh láidir i Mí na Samhna den bhliain 1741. Ó bhí Éilís bréan breoite de na Gearmánaigh a tharraing Áine isteach sa chúirt, ruaig sí chun na [[Sibéire]] iad, agus chuir sí Rúisigh dhúchasacha ina n-áit le gnóthaí na ríochta is an rialtais a rith.
Líne 399:
 
B'é an tAire Airgeadais Vladimir Kokovtsov a fuair an Phríomh-Aireacht i ndiaidh Stolypin. Fear cúramach éirimiúil a bhí ann agus é dílis don tSár, ach ní raibh seans aige riamh a fheabhas a chruthú, ó bhí faicseanaíocht inmheánach na cúirte ní ba tábhachtaí don chuid ba mhó de lucht an rialtais ná feabhas na hoibre.
 
==Tagairtí==
{{reflist}}
 
 
[[Catagóir:Impireacht na Rúise|*]]