An difríocht idir athruithe ar: "Ealaín nua-aoiseach"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Úsáidtear an téarma seo ar na gluaiseachtaí forásacha san ealaín sa 19ú-20ú céad. Níltear ar aon intinn an é Goya nó Manet an ...'
 
Dowlinme (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
Úsáidtear an téarma seo ar na gluaiseachtaí forásacha san ealaín sa [[19ú haois|19ú]]-[[20ú haois|20ú céad]]. Níltear ar aon intinn an é Goya nó Manet an chéad [[Péintéir|phéintéir]] nua-aoiseach, ach is cinnte gur chuir ealaíontóirí cosúil le Cézanne, Gauguin, van Gogh, Ensor is Munch i gcoinne an healaíne traidisiúnta ar bhealaí éagsúla faoi dheireadh an 19ú céad. Mar shampla, cheistigh siad [[péintéireacht]] nádúraíoch an fhigiúir, agus an [[Peirspictíocht|pheirspictíocht]] mar a tuigeadh le linn na hAthbheochana í. Faoina dtionchar siúd tháinig glúin nua péintéirí chun cinn timpeall [[1904]]-1905 i [[Páras|bPáras]] (Rouault, Matisse is Picasso) agus [[Dresden]] (Kirchner, Heckel is Schmitt-Rotluff). Shaothraigh Picasso is Braque an [[Ciúbachas]] ([[1906]]-[[1908]]), gluaiseacht a d'fhág lorg an-tábhachtach ar fud [[An Domhan|an Domhain]]. Dhruid grúpa an Blaue Reiter i [[München]] amach a thuilleadh fós ón aithris, agus tháinig ealaín iomlán teibí chun cinn i saothar Kandinsky is Klee. Mar shampla, i Moscó i [[1917]] shaothraigh Malevich ealaín theibí ar thug sé Uachtarachas uirthi. Faoi 1916 bhí gluaiseacht nihileach eile ag teacht chun cinn i [[Zürich]], an [[Dadachas]]. Rinne an ghluaiseacht seo ionsaí ar luachanna uile na healaíne, ach chuir go suntasach go luath le smaointe na nOsréalaithe, a lainseáil a bhforógra ar na healaíona i [[1924]].
 
[[File:Van Gogh - Country road in Provence by night.jpg|thumb|Van Gogh - Country road in Provence by night]]
 
 
{{Fréamh an Eolais}}