An difríocht idir athruithe ar: "An Mhainicéasaíocht"

Content deleted Content added
mNo edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:ManichaeismSpread.jpg|mion|333x333px]]
Ceann de na seanreiligiúin [[An Iaráin|Iaránacha]] is ea an '''Mhainicéasaíocht'''. Tá sí imithe anois, agus an chuid is mó de scríbhinní a fáidhe, Mani, ar iarraidh freisin, ach tá aithne éigin ar an gcreideamh ó fhoinsí dara láimhe, go háirithe ó scríbhinní [[Naomh Agaistín|Naomh Aibhistín]], a d'iompaigh ón Mainicéasaíocht chun na [[An Chríostaíocht|Críostaíochta]].
 
Line 4 ⟶ 5:
 
B'é an fáidh Mani a bhunaigh an Mhainicéasaíocht sa tríú haois i ndiaidh bhreith Chríost. Bhí cónaí ar Mani sa Bhabloin, in Impireacht na Peirse, agus b'í an [[An Aramais|Aramais]] a theanga dhúchais inar chum sé an chuid ba mhó de scríbhinní bunaidh na Mainicéasaíochta. Lena linn féin, áfach, aistríodh na scríbhinní go Meán-Pheirsis, agus cuireadh an reiligiún féin in oiriúint do théarmaí an t[[An Sorastrachas|Sorastrachais]].
[[Íomhá:Cathayan Manichaean Cosmology - Heaven Scene.jpg|clé|mion|An neamh agus an domhan (1271 go 1368)]]
 
== Diagacht ==
 
Is é an [[déachas]] príomhghné na diagachta Mainicéasaí. Ghlac Mani leis go raibh dhá fhórsa móra san ollchruinn ó thús, mar atá, an solas agus an dorchadas. Bhí síocháin faoi réim i ríocht an tsolais, agus síorchogadh i ríocht an dorchadais. Tháinig ár n-ollchruinne féin chun saoil nuair a rinne an dorchadas ionsaí ar an solas, agus b'é an Spiorad Beo ó ríocht an tsolais a chruthaigh an ollchruinne as meascán an tsolais agus an dorchadais.
[[Íomhá:Manichean illustration of Diatesseron of Tatian.jpg|mion|333x333px|Diatesseron ó Tatian]]
 
Bhí na Mainicéasaigh dírithe ar gach traidisiún reiligiúnda dá raibh ann a chur san áireamh ina gcreideamh. Mar sin, d'éirigh leo cuid mhaith scríbhinní de chuid Críostaithe eiriceacha a shábháil a bhí á ngéarleanúint ag na Críostaithe ceartchreidmheacha. Dúirt Mani féin gur "deisceabal de chuid Chríost" a bhí ann, ach ní raibh ina chuid diagachta, dar leis an Eaglais, ach eiriceacht ghlan. D'fhógair Mani gur "paraicléat" a bhí ann féin, is é sin, "fortaitheoir" nó "sólásaí" nó sórt idirghabhálaí idir Dia agus an duine. Deirtear sa [[An Bíobla|Bhíobla]] Gréigise gurb é Críost féin an "paraicléat", ach tagraítear do Chríost freisin mar "chéad pharaicléat", rud a thugann le fios go bhféadfadh sé go dtiocfaidh paraicléit eile ina dhiaidh.
 
Pointe tábhachtach i ndiagacht na Mainicéasaíochta is ea nach bhfuil Dia maith uilechumhachtach ann. Ar an mbealach seo, d'fhuascail an Mhainicéasaíocht fadhb na teoidicé nó ceist an oilc. Ós rud é go bhfuil an t-olc chomh láidir leis an maith, níl sé ciallmhar an cheist a chur, cén fáth a gceadódh dia grámhar uilechumhachtach go mbeadh an t-olc ann ar aon nós. Tá fórsa an tsolais agus fórsa an dorchadais ag cur síor-chogaidh ar a chéile, agus is é anam an duine machaire an áir.
[[Íomhá:Manichean musicians.jpg|clé|mion|244x244px|10ú haois]]
 
== Úsáid mheafarach ==
Line 17 ⟶ 20:
Is minic a thugtar ''mainicéasaíocht'' i ngnáthchaint na ndaoine léannta ar gach cineál [[Déachas|déachais]] nach n-aithníonn ach aon mhaith amháin agus aon olc amháin ar an saol, agus nach dtuigeann gur féidir do rudaí bheith idir olc agus mhaith san am céanna.
 
== Tagairtí ==
{{Reflist}}{{stumpa}}
 
[[Catagóir:Creideamh]]