An difríocht idir athruithe ar: "Atáirgeadh éighnéasach"

Content deleted Content added
No edit summary
chlib amháin: 2017 source edit
No edit summary
chlib amháin: 2017 source edit
Líne 32:
===Agamaigineas===
Aon chineál atáirgthe nach bhfuil aige le gaiméití fireann. Is samplaí iad [[partanaigineas]] agus [[apaimiscis]].
====Partanaigineas====
[[File:Aphid-giving-birth.jpg |thumb |[[Aifid]] ag breith [[síolrach]] beo ó ubh neamhthoirchithe]]
Fás orgánaigh ón ubh gan [[toirchiú]] ag [[gaiméit]] fhireann (speirm). Uibheacha a fhásann mar seo, bíonn siad dioplóideach (le dhá fhoireann [[crómasóm]]) de ghnáth, agus comhionann leis an máthair ó thaobh na géinitice. Tá cuid mhaith [[orgánach]], cosúil le míolta gorma, a théann trí chuid mhaith glúinte partanaigineacha baineanna, ach a tháirgeann fireannaigh agus a atáirgeann go gnéasach nuair a tharlaíonn coinníollacha deacra comhshaoil.
====Apaimiscis agus sutheolaíocht núicléach ====
[[Íomhá:Poa_bulbosa,_vegetative_apomixis.jpg|deas|200px|thumb|Apaimiscis fhásúil i ''[[Poa bulbosa]]''; foirm bhleibíneach in ionad bláthanna]]
Is éard is apaimiscis ann ná [[atáirgeadh]] éignéiseach gan [[toirchiú]] i bplandaí ina dtoirmisctear méóis is táthú na ngaiméití. Cuimsíonn sí [[atáirgeadh plandúil]] freisin, ina scoirtear cuid den phlanda is a bhfásann an chuid sin ina [[planda]] scoite ar leith.
Tarlaíonn sutheolaíocht núicléach i measc roinnt síolta [[Toradh citris|citris]]. D'fhéadfadh apaomiscis fhireann a bheith i gceist i gcásanna annamh, mar shampla ''[[Cupressus dupreziana]]'', áit as a dtagann ábhar géiniteach an tsutha go hiomlán ón [[pailin|phailin]].