An difríocht idir athruithe ar: "Páirtí na Sóisialaithe Réabhlóideacha"

Content deleted Content added
mNo edit summary
mNo edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:1917PartiyaSoz-Rev.jpg|thumb|220px|Póstaer don toghchán sa bhliain 1917. An téacs thuas: ''An Páirtí Sóis.-Réabh.'' An téacs atá á iompar ag na léirsitheoirí: ''Sa chath a bhainfidh tú amach do cheart.'' An téacs ar an gcruinneog: ''Talamh agus Saoirse''.]]
B'é '''Páirtí na Sóisialaithe Réabhlóideacha''' ([[Rúisis]]:''Партия социалистов-революционеров/Partiya Sotsialistovsotsialistov-Revolyutsionerovrevolyutsionerov'') an ceann ba tábhachtaí de pháirtithe na heite clé in [[Impireacht na Rúise]] roimh chaithréim na mBoilséiveach. Bunaíodh an páirtí sa bhliain [[1902]], ach roimhe sin féin, bhí grúpaí áitiúla ar fud [[An Rúis|na Rúise]] a dtugadh "na Sóisialaithe Réabhlóideacha" orthu féin. Bhí fréamha na ngrúpaí seo i ngluaiseachtaí tuathghríosóireachta na naoú haoise déag, agus iad ag iarraidh scológa bochta na Rúise a spreagadh chun ceannairce.
 
Cé gur páirtí [[Sóisialachas|Sóisialach]] ab ea na Sóisialaithe Réabhlóideacha, níor chreid siad sa [[Karl Marx|Mharxachas]]. Is é an tuiscint a bhí ag Karl Marx ar an réabhlóid shóisialach gurbh é an lucht oibre, an phrólatáireacht thionsclaíoch, a chuirfeadh i gcrích í. Ní raibh idé-eolaithe na Sóisialaithe Réabhlóideacha ar aon tuairim leis, a fhad agus a bhí an Rúis i gceist. Ní raibh an oiread sin tionsclaíochta sa Rúis, a d'áitigh siad, nó ba tír curadóireachta agus talmhaíochta í thar aon rud eile. Mar sin, b'iad scológa bochta na tuaithe an aicme réabhlóideach, dar leo. Bhí siad ag féachaint le tacaíocht na scológ a fháil, agus d'éirigh leo réasúnta maith.