An difríocht idir athruithe ar: "An Bhrasaíl"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 50:
Tá daoine sa tír le breis agus 6,000 bliain, ach ní raibh trácht uirthi sa stair go dtí gur tháinig taiscéalaithe [[an Phortaingéil|Portaingéalacha]] i dtír inti sa bhliain 1500, agus iad faoi cheannas [[Pedro Álvares Cabral]]. Chuir Portaingéalaigh fúthu sa tír agus ghearr siad an t-adhmad. Bhí an-tóir acu ar adhmad as an gcrann brasaíle, agus deirtear gur ainmníodh an tír as an adhmad sin. Tá an tuairim ag roinnt daoine áfach gur ainmníodh an tír as an oileán samhalta Uíbh Bhreasail, a bhí ann de réir finscéalta na nGael, áit éigin amuigh san fharraige mhór taobh thiar d'[[Éire|Éirinn]]. Chuaigh an siúcra i dtábhacht mar bharra de réir a chéile, agus tugadh na sluaite sclábhaithe as [[an Afraic]] chun na Brasaíle ar mhaithe le saothrú na talún.
 
Bhunaigh na Portaingéalaigh an chéad chathair sheasta, São Vicente, sa Bhrasaíl sa bhliain [[1531]]. Trí bliana ina dhiaidh sin, roinn [[Eoin a Trí (An Phortaingéil)|Eoin a Trí]], rí na Portaingéile, cósta na Brasaíle ina "chaptaenachtaí", trí cheann déag acu ar fad, agus bhronn sé gach captaenacht ar dhuine uasal éigin, le go rialódh sé í mar [[Feodachas|fheod]] príobháideach. De réir a chéile, áfach, d'iompaigh sé amach nach raibh ag éirí leis an bpolasaí seo, agus sa deireadh, bhain an rí na captaenachtaí ar ais de na glacadóirí. Ansin, bhunaigh sé trí choilíneacht mhóra - Maranhãomhóra—Maranhão, Grão Pará, agus an Bhrasaíl. Bhí gach coilíneacht á rialú ag a gobharnóir ginearálta féin, agus mionghobharnóirí i gceannas ar na captaenachtaí a bhí ann roimhe seo.
 
An chuid ba mhó den am, ní raibh an Phortaingéil ag coinneáil greim ródhocht ar na coilíneachtaí seo. Tháinig cathracha ar an bhfód de réir a chéile, agus bardais á rialú agus ag cur orduithe ón rí i bhfeidhm orthu. Faoin tuath, áfach, b'iad na "captaein mhóra" nó na "coirnéil" a bhí i mbun na gcúrsaí, agus iad sách neamhspleách ar an mbardas agus ar an ngobharnóir.
Líne 69:
=== Fairsingiú na Brasaíle agus Ré na m''Bandeirantes'' ===
 
Bhí an Bhrasaíl á fairsingiú siar, agus cathracha nua á mbunú i bhfad isteach ón gcósta, go háirithe [[Manaus]], a tháinig ar an bhfód sa bhliain [[1674]]. Bhí páirt lárnach ag [[São Paulo]] san fhairsingiú seo. Bhunaigh na hÍosánaigh Misinéireacht Naomh Póil sa bhliain [[1532]], agus d'fhás cathair timpeall an stáisiúin mhisinéireachta - São Paulo. Lucht trádála daor ba mhó a shocraigh síos i São Paulo, agus iad ag eagrú ''bandeiras'' nó cineál díormaí paraimíleata le breith ar na daoir Afracánacha a d'éalaigh ó na coilíneachtaí agus le troid a chur ar na bundúchasaigh. Ba mhinic a rinne na ''bandeirantesbandeirantes—'' - na saighdiúirí paraimíleata - anparaimíleata—an-ródach orthu siúd.
 
[[Íomhá:Ci monumentobandeirantes.jpg|thumb|320px|Dealbh cuimhneacháin do na ''bandeirantes'' ([[São Paulo|Sao Paulo]])]]
Ní raibh an Eaglais sásta leis an dóigh a raibh na ''bandeirantesbandeirantes—'' - baill na m''bandeirasbandeiras—'' - ag rith damhsa sna cúlriasca, nó choisc an [[Pápa]] sa bhliain 1640 an daorthrádáil leis na [[Bundúchasaigh Mheiriceá|bundúchasaigh Mheiriceánacha]]. Ní raibh an toirmeasc seo inchurtha i bhfeidhm, áfach. A mhalairt ar fad, b'éigean do na hÍosánaigh éalú ó São Paulo agus ó chúpla cathair eile, nó bhí an oiread sin feirge ar na ''bandeirantes'' le haon duine a raibh baint ar bith aige leis an Eaglais.
 
Sa bhliain 1680, bhunaigh na Portaingéalaigh coilíneacht nua, [[Colônia do Sacramento]], in aice le [[Buenos Aires]]. Ní raibh na ''bandeirantes'' féin ábalta an choilíneacht seo a chosaint ar na Spáinnigh. Bhí an choilíneacht ag dul ón bPortaingéil go dtí an Spáinn agus ar ais, agus muintir an dá thaobh ag cur fúthu ansin. Sa bhliain 1724, bhunaigh na Spáinnigh cathair Montevideo ansin, ar imeall an áitribh Phortaingéalaigh.
Líne 96:
Fiú nuair a thosaigh tréimhse na gcoilíníochtaí ag druidim chun deireanais i Meiriceá Theas, ní raibh an scarúnachas leath chomh láidir sa Bhrasaíl agus a bhí sé i gcoilíníochtaí na Spáinne. Bhí na longa ag teacht agus ag imeacht go tiubh téirimeach idir an Phortaingéil agus an Bhrasaíl. B'iad na dlíthe céanna a bhí i bhfeidhm sa dá thír.
 
Is é is cúis le dílseacht fhadsaolach na mBrasaíleach don Phortaingéil ná go raibh dhá leath na hImpireachta cothrom le chéile. Ní fhéadfá a rá go raibh an Phortaingéil ag glacadh buntáiste ar an mBrasaíl agus ag teacht i dtír uirthi. Sa deireadh thiar, áfach, shroich an scarúnachas an Bhrasaíl féin. Ní raibh ollscoil dá gcuid féin ag na Brasaíligh, agus mar sin chaithfidís dul go hOllscoil Coimbra sa Phortaingéil ar lorg ardoideachais. Mar sin, nuair a thosaigh réabhlóid na Fraince ag eascairt, ní raibh na hidéanna ba bhun leis an réabhlóid i bhfad ag teacht an Bhrasaíl féin. Sa bhliain 1789, ghabh na húdaráis baicle d'intleachtóirí agus de bhuirgéisigh i gcúige Minas Gerais, tar éis dóibh súil an ghobharnóra áitiúil a tharraingt orthu leis an dóigh a mbídís ag teacht le chéile le comhrá a dhéanamh faoi chúrsaí poblachtánachais agus réabhlóideachais. Scaoileadh cuid mhór den bhaicle saor i ndiaidh tamaill bhig, ach má scaoileadh féin, ní bhfuair a gceann feadhna, oifigeach airm darbh ainm Joaquim José da Silva Xaver, trua ná trócaire ó na húdaráis. Cuireadh chun báis é mar thréatúir. Nuair a bhain an Bhrasaíl amach a neamhspleáchas, gaireadh mairtíreach agus laoch náisiúnta de Silva Xaver, nó "Tiradentes". Sin é an leasainm a bhí air - air—"Fear Tarraingthe na bhFiacal" - ó—ó bhí sé ina fhiaclóir san Arm.
 
Níorbh é sin bás na ceannairceoireachta, áfach. Sa bhliain 1798, tháinig gluaiseacht chriticiúil eile chun solais i mBahia, agus í i bhfad ní ba radacaí ná lucht leanúna Tiradentes. I mBahia, bhí Gormaigh páirteach sa ghluaiseacht, agus iad ag éileamh go gcuirfí deireadh le daoirse an chine ghoirm agus go dtabharfaí cothrom na Féinne do na Gormaigh sa tsochaí.
Líne 102:
[[Íomhá:Flag of Empire of Brazil (1822-1870).svg|thumb|280px|Bratach na hImpireachta (1822–1870)]]
 
Chuir na húdaráis stop tobann le gluaiseacht Bahia chomh maith, ach b'fhollasach go raibh an port ag athrú sa Bhrasaíl. Ní raibh an choilíneacht chomh spleách ar an bPortaingéil agus a bhíodh. Thairis sin, bhí scothaicmí na tíre ag foghlaim teangacha iasachta - ní raibh sé deacair teacht ar dhuine a raibh Fraincis líofa aige, mar shampla - agusshampla—agus mar sin, bhí siad ábalta leabhair na hEorpa a léamh agus smaointeachas na hEorpa a thuiscint.
Chuir na húdaráis stop
[[Catagóir:Náisiúin G-20]]
tobann le gluaiseacht Bahia chomh maith, ach b'fhollasach go raibh an port ag athrú sa Bhrasaíl. Ní raibh an choilíneacht chomh spleách ar an bPortaingéil agus a bhíodh. Thairis sin, bhí scothaicmí na tíre ag foghlaim teangacha iasachta - ní raibh sé deacair teacht ar dhuine a raibh Fraincis líofa aige, mar shampla - agus mar sin, bhí siad ábalta leabhair na hEorpa a léamh agus smaointeachas na hEorpa a thuiscint.
 
Sa bhliain [[1808]], rinne [[Napoléon Bonaparte|Napoléon]] ionradh ar an b[[an Phortaingéil|Portaingéil]]. Ansin, b'éigean don Rí Eoin (João) agus rítheaghlach na tíre ar fad teitheadh go dtí an Bhrasaíl. Chuir Eoin agus a chúirt fúthu i Rio de Janeiro, agus ó bhí sé an-fhonnmhar sochaí na Brasaíle a fhorbairt is a fheabhsú, bhí muintir na coilíneachta breá sásta leis mar Rí. Mhaolaigh dearcadh forásach Eoin ar an radacachas sa Bhrasaíl. Bhí cuid mhór de bhunadh na tíre den bharúil go raibh an Bhrasaíl ag fáil a cirt ó Eoin. Ní raibh sé ag déanamh éagóra ar mhuintir na coilíneachta ná ag glacadh buntáiste orthu.
 
Bhain Eoin an Bhrasaíl amach i Mí Eanáir 1808. A thúisce is a bhí sé socraithe thall ansin, chrom sé ar na leasuithe sóisialta a chur i ngníomh. Chuir sé deireadh leis na monaplachtaí trádála agus bhunaigh sé an chéad bhanc sa Bhrasaíl. Faoin am céanna, tháinig an chéad nuachtán i gcló sa Bhrasaíl, ''Gazeta do Rio de Janeiro''. Chuir Eoin feabhas mór ar an oideachas, nó bhunaigh sé scoileanna nua. Tháinig borradh mór ar thrádáil na Brasaíle le Sasana, agus bronnadh cearta eistíre ar na trádálaithe Sasanacha sa Bhrasaíl - isBhrasaíl—is é sin, dá ndéanfadh duine acu coir nó míghníomh sa Bhrasaíl, chaithfeá dlí Shasana a chur air, seachas dlí na Brasaíle.
 
Sa bhliain 1815, hardaíodh an Bhrasaíl ar aon leibhéal leis an bPortaingéil taobh istigh den ríocht. Tugadh Ríocht Aontaithe na Portaingéile, na Brasaíle agus na nAlgarves (''Reino Unido de Portugal, Brasil e Algarves'') ar an ríocht seo anois. Faoin am seo, áfach, tháinig deireadh le tíorántacht Napoléon sa Phortaingéil, agus muintir na tíre sin ag éileamh ar an rí filleadh abhaile. Ansin, d'éirigh na Brasaíligh buartha faoi thodhchaí a dtíre agus faoin stádas a bheadh acu sa mhonarcacht aontaithe feasta, dá rachadh Eoin ar ais go dtí an mháthairthír.
Line 118 ⟶ 116:
=== An Gháir ó Ipiranga ===
 
Is follasach nár thaithin an chaint seo leis na Brasaíligh. D'iarr siad ar Pheadar fanacht sa Bhrasaíl agus an tír a chosaint ar éilimh na bPortaingéalach. Is é an freagra a fuair siad ná ''fico'' - "fanfaidh mé". Anois, chuaigh Peadar i gceannas ar na Brasaíligh ag cur catha ar son na saoirse. Ar an 7 Meán Fómhair 1822, d'fhógair Peadar chois Abhainn Ipiranga gur tír neamhspleách a bheadh sa Bhrasaíl feasta. Is iad na focail a labhair sé, de réir an mhiotais thírghráúil, ná ''Independência ou Morte!'' - an—an neamhspleáchas nó an bás! Chuir an forógra seo - anseo—an Gháir ó Ipiranga - túsIpiranga—tús leis an troid ar son na saoirse. Le cuidiú na Sasanach, chloígh na trúpaí Brasaíleacha iarsmaí an gharastúin Phortaingéalaigh i rith na bliana 1823. Bhí stát nua bunaithe anois - Impireachtanois—Impireacht na Brasaíle, nó ''Império do Brasil''.
 
Ar ndóigh, ní raibh na Portaingéalaigh sásta neamhspleáchas na Brasaíle a admháil. B'iad na Stáit Aontaithe ba thúisce a thug aitheantas don Bhrasaíl. Rinne na Sasanaigh eadráin idir an Bhrasaíl agus an Phortaingéil, go dtí gur lig an mháthairthír a saoirse leis an iar-choilíneacht go hoifigiúil sa bhliain 1825.
Line 136 ⟶ 134:
Chaith Peadar Óg beagnach leathchéad bliain ag rialú na Brasaíle. Tríd is tríd, ní mór a rá go raibh an saol ní b'fhearr sa Bhrasaíl san am ná i dtíortha eile Mheiriceá Theas. Bhí síocháin, suaimhneas agus seasmhacht ag baint le rialtas Pheadair, nuair a bhí an chuid eile den ilchríoch á rialú ag ''caudillos'' gearrshaolacha. Bhí iarsmaí na gceannairceoirí ag éirí amach in áiteanna: sa bhliain 1841 i Maranhão, sa bhliain 1842 i Minas Gerais agus i São Paulo, agus bhí muintir Rio Grande do Sul ag dul chun cearmansaíochta ar an rialtas ón mbliain 1836 anuas. B'é an Ginearál Luís Alves de Lima e Silva a chloígh na ceannaircí seo, agus bhronn an tImpire diúcacht ar an nGinearál lena bhuíochas a chur in iúl.
 
=== Ceist Uragua - arísUragua—arís eile ===
 
Sna 1840idí, baineadh fuil as seancholm Uragua arís eile. Bhí deachtóir na hAirgintíne, Juan Manuel de Rosas, tar éis dul i gcomhghuaillíocht le coimeádaigh Uragua, agus trúpaí Airgintíneacha ar garastún i Montevideo. D'éirigh na Brasaíligh buartha, agus an chuma ag teacht ar na cúrsaí go raibh na hAirgintínigh tar éis a gcuid féin a dhéanamh d'Uragua go buan. Mar sin, chuaigh na Brasaíligh i gcomhar le Liobrálaigh Uragua leis na hAirgintínigh a chaitheamh amach as an tír. Sa bhliain 1852, chloígh na Liobrálaigh agus a gcuid comhghuaillithe Brasaíleacha na hAirgintínigh faoi cheannas Justo José de Urquiza, ionas gurbh éigean don deachtóir Rosas imeacht ón Airgintín. Níor chuir an bua seo deireadh leis an dóigh a mbíodh an Bhrasaíl agus an Airgintín in adharca le chéile faoi Uragua, áfach, ach ar a laghad, bhí siad sásta conradh a shíniú sa bhliain 1859 le neamhspleáchas iomlán Uragua a admháil is a aithint.
Line 146 ⟶ 144:
=== Cogadh na Trípháirtíochta ===
 
Sna blianta 1864-70, d'éirigh ina chogadh - chogadh—[[Cogadh na Trípháirtíochta]] - idir—idir Paragua ó thaobh amháin de agus an Bhrasaíl, [[an Airgintín]] agus [[Uragua]] ón taobh eile de. Ar chrann na mBrasaíleach a thit sé an chuid ba mhó de na trúpaí a sholáthar. Chuir na Paraguaigh troid éadóchasach ar na naimhde, ach sa deireadh, maraíodh Francisco López, deachtóir Pharagua, i gcath Cerro Corá i Márta 1870. D'fhan na trúpaí Brasaíleacha i bParagua go dtí an bhliain 1875, nuair a síníodh conradh na síochána. Fuair an Bhrasaíl críocha thuaidh Pharagua in éiric an chogaidh.
 
=== An Eacnamaíocht ag Forbairt ===
Line 173 ⟶ 171:
:''Príomhalt: [[Cogadh Canudos]]''
 
Sa bhliain 1896, d'éirigh seict mhílaoiseach amach in aghaidh na n-údarás san iargúltacht i Stát Bahia. Cupla bliain roimhe sin, shocraigh an tseict seo - timpeall ar dheich míle duine ar fad - síosfad—síos i gCanudos i mBahia faoi cheannas an "fháidh" Antônio Conselheiro, nó "Antoine na Dea-Chomhairle". Bhí pobal Canudos ábalta trí ionsaí armtha a chosc, ach sa bhliain 1897, chuaigh ocht míle saighdiúir ar fad go Canudos leis an bpobal a chloí. D'imshuigh na saighdiúirí Canudos, ach b'éigean dóibh an pobal a choinneáil faoi léigear mí i ndiaidh míosa leis an misneach a bhaint de na fíréin fhanaiceacha seo. Níos deireanaí, scríobh Euclides da Cunha aiste staire agus socheolaíochta faoi imeachtaí Canudos ''Os Sertões''. Lenár linn féin, bhreac [[Mario Vargas Llosa]] síos an t-úrscéal ''La Guerra del Fin del Mundo'' ("Cogadh Dheireadh an Domhain", nó "Cogadh na gCríoch Déanach") faoi imeachtaí an éirí amach seo.
 
=== Na Saighdiúirí ag Cur a Ladair sa Pholaitíocht ===
 
Sa bhliain 1910, d'fhéach an t-arm le ladar a chur i gcúrsaí polaitíochta. Bhí an tUachtarán Afonso Pena básaithe roimh dheireadh a théarma. Sna toghcháin a lean, thacaigh an t-arm le Hermes da Fonseca, nia le Deodoro da Fonseca. B'é Ruy Barbosa an t-iarrthóir ba láidre, áfach, agus é ag canbhásáil ar fud na tíre - b'é sin an chéad fheachtas nua-aoiseach toghchánaíochta riamh i stair na Brasaíle. B'fhollasach do chách gurbh é Barbosa a ghnóthaigh na toghcháin, ach mar sin féin, cuireadh Fonseca isteach mar Uachtarán. Nuair a bhí sé ag rialú na tíre, tháinig cúlú ar an ngeilleagar. Sna blianta roimhe sin, bhí an cúitiúc - amhábharcúitiúc—amhábhar an rubair - agrubair—ag saothrú an-airgid don Bhrasaíl, ionas go raibh borradh faoin eacnamaíocht taobh amuigh de "stáit an chaife is an bhainne" freisin. I rith théarma uachtaránachta Fonseca, áfach, fuair tionsclaíocht chúitiúic na Brasaíle an-chéile iomaíochta san Áise, agus tháinig deireadh leis an mborradh, go háirithe nuair a thit praghas an chaife féin, agus an iomarca den earra sin á tháirgeadh ar fud an domhain.
 
=== An Bhrasaíl agus an Chéad Chogadh Domhanda ===
Line 195 ⟶ 193:
=== An "Stát Nua" ===
 
Cé go raibh Vargas ag rialú na tíre mar a bheadh deachtóir ann, bhí sé, de réir na tuisceana a bhí ag saol polaitiúil na tíre, leis an gcumhacht a fhágáil uaidh i ndiaidh an chéad toghchán eile. I Mí na Samhna 1937, chinn Vargas ar an gcumhacht a choinneáil aige féin beag beann ar thoil na cosmhuintire. Le cuidiú na fórsaí armtha, scoir sé an pharlaimint , chuir sé na toghcháin ar fionraí agus bhunaigh sé "An Stát Nua" - ''O Estado Novo'' - a—a bhí cosúil go leor le deachtóireachtaí comhaimseartha na hEorpa. Choisc sé na páirtithe polaitiúla freisin.
 
B'í an mheánaicme a bhí ina crann taca don "Stát Nua". Ón taobh eile de, bhí lucht saibhir gnó an chaife agus an bhainne sách criticiúil ina leith. Cé go raibh an frith-Chumannachas fite fuaite le deachtóireacht Vargas, b'iad na h''Integralistas'' - baill—baill den pháirtí úd ''[[Ação Integralista Brasileira]]''; cineál gluaiseacht fhaisisteach a bhí iontu - aniontu—an t-aon dream a d'éirigh amach in aghaidh an Stáit Nua. I Mí Bealtaine 1938, d'ionsaigh siad Áras an Uachtaráin, ach sa deireadh, chloígh na saighdiúirí iad.
 
==== Stát Faisisteach? ====
Line 209 ⟶ 207:
Nuair a ghlac an Bhrasaíl páirt sa chogadh in aghaidh na Naitsithe, tháinig athrú ar atmaisféar polaitiúil na tíre, agus an eite chlé ag dul i dtreise. Tapadóir go smior a bhí i Vargas, agus ní raibh sé rómhall ag iarraidh an deis áirithe seo a thapú ach an oiread. Chuir sé cuma na heite clé air féin agus thosaigh sé ag tabhairt isteach d'éilimh an lucht oibre. Cheadaigh sé na ceardchumainn agus na páirtithe polaitiúla, ach san am céanna, bhunaigh sé páirtí clé dá chuid féin le vótaí an lucht oibre a cheapadh, mar atá, ''Partido Trabalhista Brasileiro'', Páirtí Lucht Oibre na Brasaíle. Ní páirtí radacach a bhí ann, ar ndóigh - bhí sé múnlaithe ar Pháirtí an Lucht Oibre i Sasana. Bhí Vargas sásta, áfach, geimhle a bhaint den eite chlé radacach féin, nó sa bhliain 1945, scaoileadh saor le Luís Carlos Prestes, cathaoirleach an Pháirtí Chumannaigh, a bhí i dtóin an phríosúin le fada. Le fírinne, is beag buíochas a ghlac Prestes le Vargas as a shaoirse nua, nó idir an dá linn, bhí bean chéile Prestes, bean Ghiúdach darbh ainm Olga Benário, ruaigthe go dtí an Ghearmáin, áit ar tachtadh le gás í i gceann de champaí báis an [[Uileloscadh|Uilelosctha]].
 
=== Vargas ag éirí as - agusas—agus ag filleadh ===
 
Bhí an tArm den bharúil, áfach, go raibh Vargas ag dul thar fóir ag iarraidh an eite chlé a ghiúmaráil. I Mí Dheireadh Fómhair, 1945, chuir na ginearáil brú ar Vargas éirí as an Uachtaránacht, rud a rinne sé. I Mí na Nollag, chuaigh muintir na Brasaíle chun toghcháin, agus d'éirigh leis na Cumannaigh féin go measartha. Mar sin féin, bhí sé i ndán don Bhrasaíl casadh ar dheis arís, nó b'é an Ginearál Eurico Gaspar Dutra a vótáladh isteach mar Uachtarán.