An difríocht idir athruithe ar: "An tSúdáin"

Content deleted Content added
Mohamed Tahir Ayala 2019.
clib: Mobile edit Mobile web edit
No edit summary
Líne 43:
|fonótaí=}}
 
Is tír san [[an Afraic|Afraic]] í '''an tSúdáin''', ([[Araibis]] : '''السودان''') nó '''Poblacht na Súdáine''' (Araibis:''' جمهورية السودان'''), agus í ar an tír is mó san ilchríoch. Is í [[Cartúm]] príomhchathair na tire. Tá sí ag críochantaíocht leis an [[An Libia|Libia]], [[An Éigipt]], [[An Eiritré]], [[An Aetóip]], [[An tSúdáin Theas]], [[Poblacht na hAfraice Láir]] agus le [[Sead]].
 
== Stair ==
Líne 51:
 
== Cogadh cathartha san Deisceart ==
Sa bhlian [[1956]] bhain An tSúdáin amach a neamhspleáchas. D'éirigh troid idir muintir an deiscirt agus an rialtas nua i gCartúm ón mbliain 1955 amach, agus lean sé ar aghaidh i ré an neamhspleáchais féin. B'é sin an Chéad Chogadh Cathartha sa tSúdáin, nó Cogadh ''Anya-Nya'', mar a thugtar air freisin. Is é is brí le h''anya-nya'' sa teanga Madi ná "nimh nathrach", agus is é sin an t-ainm a ghlac arm an Deiscirt orthu féin. Tháinig deireadh leis an chéad chogadh cathartha sa bhliain [[1972]] le Comhaontú [[Addis Ababa]], a bhronn féinrialtas áirithe ar an deisceart, ach thosaigh cogadh nua, an Dara Cogadh Cathartha, sa bhliain [[1983]]. B'é ba chúis leis an gcogadh seo ná gur thit an tóin as an bhféinrialtas, nuair a bhagair an tUachtarán Jaafar Nimeiry an dlí Ioslamach a chur i bhfeidhm ar an stát ar fad, beag beann ar Chomhaontú Addis Ababa. Ansin, d'éirigh Arm Saoirse Mhuintir na Súdáine (''Sudan People's Liberation Army'', SPLA) amach in aghaidh an rialtais faoi cheannas John Garang. Cuireadh deireadh leis an dara cogadh cathartha ar an 24ú lá de Bhealtaine sa bhliain [[2004]], nuair a tháinig ceannaire an SPLA, John Garang, agus Tánaiste na Súdáine ar chomhréiteach maidir leis na fadhbanna seo (Seii, 2004). Cé go bhfuil an saol níos fearr anois san Deisceart ná mar a bhí, is iomaí bochtanais is galair atá ann fós, is caithfaidh níos mó cabhair a thabhairt, go h-áirithe chun mar tá a lán daoine dídeanaithe ag dul ar ais go dtí a n-áit dúchais faoi láthair (''Refugees International'', 2007).
 
Sa bhliain 2011, bhí reifreann ann sa deisceart i dtaobh neamhspleáchais. Bhí beagnach 99% de na vótaí ar a shon agus ar an 9ú lá Iúil scair an tSúdáin Theas ón gcuid eile den tír.
Líne 61:
== Tíreolaíocht ==
 
Is í [[Cartúm]] príomhchathair na Súdáine. Ritheann [[an Níl]] tríd an tír; is i gCartúm a thagann an Níl Ghorm agus an Níl Bhán le chéile le haon abhainn amháin, an Níl féin, a dhéanamh. Is é Jebel Mara (nó Sliabh Mara) an sliabh is mó san tír. Tá sé suite in iarthar na tíre i [[Darfur]].
 
== Cúltúr ==