An difríocht idir athruithe ar: "Väinö Linna"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Vaino_Linna_color.jpg|deas|200px|thumb|Väinö Linna]]
Ba é '''Väinö Valtteri Linna''', ({{Audio|Fi-Väinö Linna.ogg|fuaimniú}}) a rugadh in [[Urjala]] ar an [[20 Nollaig]], [[1920]] agus a shíothlaigh i d[[Tampere]] ar an [[21 Aibreán]], [[1992]], scríbhneoir náisiúnta na [[Fionlainne]] thar aon scríbhneoir eile san [[20ú haois|fhichiú haois.]]

Cosúil le scríbhneoirí móra a thíre i gcoitinne, scríobhadh sé prós réadúil i stíl eipiciúil an chanbháis leathain. Ba scríbhneoir prólatáireach é ar a bhealach féin, ach ní dheachaigh sé riamh le [[Cumannachas]] ná fiú le [[Daonlathas Sóisialta]]. Rinne sé a chomhionannú le haicme an [[lucht oibre]] sa chiall leathan, agus é ag tabhairt cur síos craicneach inchreidte ar chinniúint na mbochtán Fionlannach agus ar an dóigh ar streachail siad a mbealach i dtreo an stáit shoilíosaigh nua-aimseartha.
 
== Cruachás a Óige ==
Tionóntaí talún agus scológa ab ea muintir Linna, agus iad ina gcónaí in Urjala leis na cianta cairbreacha anuas. Bhí athair an scríbhneora, Vihtori, ina thionónta ar thailte an tiarna talún a bhí i seilbh an mhaintí úd Honkala i bparóiste Urjala, agus é ag obair sa seamlas áitiúil san am céanna le tuilleadh airgid a shaothrú. Cailleadh le fiabhras é nuair a bhí an scríbhneoir ina bhuachaill seacht mbliana d'aois, agus níor mhór don mháthair dul ag obair.

Roimhe sin féin, bhí triúr deartháireacha le Väinö óg básaithe leis an [[eitinn]] a bhí ina sciúirse mhillteanach i measc na mbocht. Bhí an dearg-ádh leis an scríbhneoir nár tholg sé féin an [[galar]] ina pháiste dó.
[[Íomhá:Vaino Linna.jpg|clé|mion|1947]]
 
== Fear Oibre ==
Line 9 ⟶ 14:
Bhí an mháthair go dian ag cur brathladh ar a clann, ach, ina dhiaidh sin féin, mhúin sí do Väinö óg léamh agus scríobh sula ndeachaigh sé ar scoil. Chuidigh an teagasc sin leis an mbuachaill ar scoil, ach nuair a chríochnaigh sé an bhunscoil, ní fhéadfadh a mhuintir tuilleadh scolaíochta a mhaoiniú dó. Ní raibh sé sásta leis an gcineál obair thalmhaíochta a bhí ar tairiscint in Urjala, agus mhothaigh sé mífhoighne ag teacht air i dtimpeallacht chaol na tuaithe. Shantaigh sé saol na cathrach, agus i ndiaidh cúpla bliain, chuaigh sé ag obair i monarcha línéadaigh Finlayson i dTampere. An nós léitheoireachta a bhí tréigthe aige go sealadach, tháinig sé ar ais, agus chaitheadh sé an chuid ba mhó dá am saor sa leabharlann.
 
== Ina Shaighdiúir dóSaighdiúir ==
 
Nuair a d'éirigh ina chogadh idir an Fhionlainn agus [[an tAontas Sóivéadach]], chuaigh Väinö óg sna saighdiúirí chomh maith le duine. Cuireadh i gceannas ar chomplacht meaisinghunnadóirí é, ach nuair a tháinig deireadh le [[Cogadh an Gheimhridh]], fuair sé de chúram cleachtadh a thabhairt do shaighdiúirí nua-earcaithe. Nuair a phléasc [[Cogadh na Leanúna]] amach, agus na Fionlannaigh ag dul chun cogaidh le taobh na [[an Ghearmáin|Gearmáine]] [[Naitsíochas|Naitsíche]] chun a gcuid críocha caillte a éileamh ar ais ar an Aontas Sóivéadach, cuireadh Linna i gceannas ar a chomplacht meaisínghunnadóirí arís.
[[Íomhá:Linna jakaa omistuskirjoituksia.jpeg|mion|333x333px|1950idí agus an leabhar "''Unknown soldier"'']]
 
== Uafás an Chogaidh ==
Line 17 ⟶ 23:
An iarracht seo, áfach, bhain tubaiste don chomplacht: stróic pléascán [[an Rúis|Rúiseach]] an chuid ba mhó acu as a chéile, agus b'é Linna féin an t-aon duine amháin a tháinig slán as an teagmháil. Bhí fir a chomplachta ag dul thart le crann teileafóin a bhí prapáilte le clocha móra, nuair a bhuail granáid an crann seo. Rinne an phléasc bloghanna de na clocha, rud a chuir go mór mór leis an eirleach. Ní dheachaigh ach néal i Linna féin, ach nuair a tháinig sé thart arís, fuair sé é féin fliuch báite i bhfuil a chuid fear, rud a bhain stangadh mór as. Níor thréig cuimhne an lae sin é choíche, ní nárbh ionadh.
 
== Le Bheith ina Scríbhneoir ==
[[Íomhá:Tuntematon1997 2.jpg|mion|299x299px|Tuntematon sotilas (an Saighdiúir Anaithnid), Amharclann Pyynikki 1997]]
 
Le linn an chogaidh, bhí na tithe foilsitheoireachta chomh maith le Foras Bolscaireachta an Stáit (''Valtion Tiedoituslaitos'') ag iarraidh scríbhneoirí a earcú as measc na saighdiúirí chun cur síos a thabhairt ar na himeachtaí cinniúnacha i stair an náisiúin. Ansin, bhí Linna ag coinneáil dialann chogaidh, agus thairg sé a dhialann do WSOY, ceann de na tithe foilsitheoireachta is mó san Fhionlainn. Fuair sé an dialann ar ais, nó bhí na foilsitheoirí den tuairim nach raibh sí infhoilsithe go fóill, siúd is go raibh mianach ann don té a d'fháiscfeadh an litríocht as. Dhúisigh sé uaillmhian scríbhneoireachta Linna.
 
I ndiaidh an chogaidh, phós Linna an cailín, Kerttu Sauri, a casadh air i mblianta an chogaidh agus shocraidh sé síos ina fhear oibre arís. Shílfeá go raibh sé éirithe as an aisling scríbhneoireachta, ach ní raibh. Chrom sé ar litríocht ardealaíonta, cosúil le [[Arthur Schopenhauer]], Carlyle nó [[Friedrich Nietzsche]], a léamh mar ullmhúchán do chaithréim na scríbhneoireachta. San am seo, chum sé an chéad úrscéal leis a tháinig i gcló ceart, ''Päämäärä''.
[[Íomhá:Liuhala, Tuominen, Himanka, Linna.jpg|clé|mion|299x299px|Väinö Linna ar dheis, 1950idí]]
 
== ''Päämäärä'' - An Cuspóir Sroichte ==
 
Foilsíodh ''Päämäärä—''"An Cuspóir"—sa bhliain [[1947]]. Ní raibh ann go bunúsach ach cur síos dírbheathaisnéisiúil ar shaol an fhir oibre a chuireann roimhe a shaol a fheabhsú agus cuspóir ar leith a bhaint amach—agus is é an cuspóir seo ná dul le scríbhneoireacht. Chuaigh an t-úrscéal go mór mór i bhfeidhm ar na léirmheastóirí agus an cur síos dúisitheach a thug sé ar mhífhoighne na hóige, ar an míshuaimhneas is ar an míshástacht leis an saol is dual do dhaoine óga gach glúin. Níor dhíol an leabhar go rómhaith, áfach. Mar sin féin, d'oscail sé doirse na gciorcal liteartha os comhair an scríbhneora óig. Fuair sé aithne ar [[Alex Matson]], a bhí ina léirmheastóir agus ina scríbhneoir aithnidiúil aistí, agus d'imir aiste thábhachtach Mhatson, ''Romaanin taide'' ("An Úrscéalaíocht"), an-tionchar ar Linna mar scríbhneoir.
[[Íomhá:Vaino-Linna-Edvin-Laine-1964.jpg|clé|mion|299x299px|Väinö Linna ar chlé, 1964]]
 
== ''Musta rakkaus'' agus an Ghéarchéim Mheisiasach ==
 
Sna sálaí ag ''Päämäärä'', tháinig an chéad úrscéal eile amach go tiubh téirimeach—''Musta rakkaus'', is é sin, "An Grá Dorcha". Triantán grá is ábhar don scéal drámatúil seo a bhí suite i saol an lucht oibre a raibh an oiread sin dlúthaithne ag an scríbhneoir air. Thuill an leabhar seo clú dó ó na léitheoirí (agus airgead ó chustaiméirí na siopaí leabhar) chomh maith leis na léirmheastóirí, agus bronnadh duaiseanna litríochta air. Bhí an chuma ag teacht ar an scéal go raibh Linna le casadh nua a bhaint as móitífeanna móra na litríochta domhanda trí iad a shuíomh sa timpeallacht dhúchasach seo. Ní mar sin a thiontaigh na cúrsaí amach, áfach. Nó nuair a chuaigh sé i mbun an chéad úrscéal eile, a bhí bunaithe ar an miotas Meisiasach, thráigh an tobar air, agus fuair sé é féin curtha ó chumas scríbhneoireachta ar fad ag na scrupaill a bhí á chrá. Is dócha gur babhta dúlagar intinne a bhí i gceist. Cibé scéal é, chuir sé craiceann de ina scríbhneoir le linn na géarchéime seo, agus an chéad úrscéal eile a bhreac sé ar pár, bhí sé an-difriúil le ''Päämäärä'' agus le ''Musta rakkaus'' araon.
[[Íomhá:Heikki Heino, Kariluoto (Pyynikin kesäteatteri 1962).JPG|mion|386x386px|Väinö Linnan kirjan "Tuntematon sotilas" (an Saighdiúir Anaithnid) vänrikki Kariluotona Pyynikin kesäteatterissa kesällä, 1962.]]
 
== Saighdiúir na Fionlainne ina Steillbheatha ==
Line 44 ⟶ 53:
 
An bheirt fhear atá fíorchróga, níl siad ró-oiriúnach mar laochra dearfacha ach an oiread. Fear fiáin docheansaithe is ea ''Rokka'', agus é in ann an complacht a tharrtháil uair i ndiaidh uaire leis an dóigh speisialta atá aige ar an meaisínghunna, chomh maith leis an nguaim a choinníonn sé ar a eagla féin nuair a bhíonn an chuid eile den chomplacht ag imeacht leis an ngaoth le falsaer is le táinrith. Ó tá sé chomh docheansaithe is atá, áfach, ní thugann sé mórán aird ar orduithe na n-oifigeach ach an oiread, ó chreideann sé go bhfuil fios a ghnó aige féin níos fearr ná ag na boic mhóra. Maidir le ''Lehto'', arís, níl caill air sin mar shaighdiúir, ach is léir gur [[Síceapaite|síceapatach]] míthrócaireach é nach bhfuil ach dímheas agus fuath aige ar aon duine is laige ná é féin. Caitheann sé anuas ar shaighdiúir óg atá scanraithe, agus nuair a fhágtar cime cogaidh Rúiseach faoina chúram, maraíonn sé an cime le tallann Shádach a shásamh. Loighciúil go leor, nuair a fhaigheann Lehto é féin gonta go héag sa deireadh, cuireann sé lámh ina bhás féin gan mhoill.
[[Íomhá:FIN-20m-anv.jpg|clé|mion|377x377px|20 Mark, Väinö Linna.]]
 
== Eipic Mhillteanach na Staire ==
Line 68 ⟶ 78:
* ''Erään miehen loppu'' ("Bás an fhir áirithe seo"), gan fhoilsiú. Nuair a fuair Linna nach raibh sé in ann an leabhar faoi Mheisias a chríochnú, bhí sé sásta an chuid chríochnaithe den lámhscríbhinn a chur faoi bhráid an fhoilsitheora le go bhféadfaí í a iompú ina leabhar faoin teideal seo. Níor tháinig an leabhar i gcló riamh, áfach.
* ''Tuntematon sotilas'' (1954). Foilsíodh aistriúchán Béarla faoin teideal ''The Unknown Soldier'', ach tá an t-aistriúchán seo ina ábhar conspóide, ós rud é nach bhfuil sé sách dílis don bhuntéacs.
* ''Täällä Pohjantähden alla 1-3'' (1959,1960,1962). D'aistrigh Richard Impola an triológ go Béarla faoin teideal ''Under the North Star'' (cuid 1), ''Under the North Star 2: Uprising'' (cuid 2), agus ''Under the North Star 3: Reconciliation'' (cuid 3).[[Íomhá:Statue of Väinö Linna. Caption says "aika velikultia". - panoramio.jpg|mion|299x299px|Dealbh Väinö Linna, "aika velikultia"]]
* ''Oheisia'' ("Nótaí Breise"), 1967 (cnuasach aistí)
* ''Murroksia'' ("Bristeacha"), 1990 (cnuasach aistí)
* ''Kootut teokset I-VI'', 2000 (saothar iomlán)
* ''Sotaromaani'' ("An tÚrscéal Cogaidh"), 2000 (lámhscríbhinn an úrscéil úd ''Tuntematon sotilas'')
<!-- idirvicí -->
 
== Tagairtí ==
{{Reflist}}
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1920]]
[[Catagóir:Básanna i 1992]]