An difríocht idir athruithe ar: "Cogadh Fháclainne"

Content deleted Content added
m (GR) File renamed: File:Galtierimenendez.jpgFile:Galtieri-Jofre.jpg Criterion 3 (obvious error) · the officer on the right is not Menéndez, it's Oscar Luis Jofre.
No edit summary
Líne 6:
 
Ba é ba chúis leis an gcogadh ná seanfhaltanas faoi cé leis na hoileáin seo. Is é tuairim na hAirgintíne ná gur críocha Airgintíneacha iad na hoileáin agus nach raibh na hAirgintíneach ach ag iarraidh tailte dá gcuid féin a fháil ar ais. Maidir leis na Sasanaigh, deir siadsan gur coilíneacht de chuid na Corónach iad na hoileáin ón mbliain 1841 anuas.
[[Íomhá:Galtieri-Jofre.jpg|clé|mion|Leopoldo Galtieri, (ar chlé), 22 Aibreán 1982 agus Oscar Luis Jofre ar dheis]]
 
==Cúlra==
 
Go gairid roimh an gcogadh, bhí an deachtóireacht san Airgintín ag streachailt le géarchéim eacnamaíochta, agus muintir na tíre ag agóidíocht in aghaidh an rialtais mhíleata. Thairis sin bhí an rialtas féin cineál idir eatarthu agus an chumhacht ba mhó á haistriú ó [[Jorge Videla]] go [[Roberto Viola]]. I Mí na Nollag 1981 tháinig ''junta'' míleata nua ar an bhfód agus [[Leopoldo Galtieri]] i gceannas.
[[Íomhá:Royal Marine Training in South Georgia. MOD 45156535.jpg|mion|NaFórsaí ón Royal Marine iin Georgia Theas, 2014]]
Ba é an tAimiréal [[Jorge Anaya]], áfach, ba mhó a bhí ag moladh ionradh Fháclainne, ó bhí sé suite siúráilte nach mbacfadh na Sasanaigh leis na hoileáin. Bhí an rialtas míleata ag cailleadh fóid i measc na cosmhuintire toisc go raibh an eacnamaíocht ag titim as a chéile, agus an dóigh a raibh daoine á ngabháil agus á marú faoi choim ní raibh sé ag tabhú tacaíochta don deachtóireacht ach an oiread.
[[Íomhá:HMS-Endurance-MDQ-1982.jpg|clé|mion|HMS ''Endurance'' ag Mar del Plata, Feabhra 1982]]
Ar an 19 Márta chuaigh dornán trádálaithe mangarae i dtír ar Oileán Georgia Theas le bratach na hAirgintíne a ardú (le fírinne bhí saighdiúirí Airgintíneacha ina measc), rud a chuir as do rialtas na Ríochta Aontaithe go mór, agus tháinig an soitheach Sasanach HMS ''Endurance'' go dtí Georgia Theas mar fhreagra.
[[Íomhá:04122956 - HMS Endurance in 2007 02.jpg|mion|HMS ''Endurance'' sa bhliain 2007]]
Sa deireadh, ar an 3 Aibreán, shealbhaigh fórsaí na hAirgintíne Georgia Theas. Bhí na hAirgintínigh díreach tar éis Oileáin Fháclainne a fhorghabháil.
 
Tháinig ionradh na hAirgintíne ar na hoileáin aniar aduaidh ar na Sasanaigh, ach le fírinne bhí rabhadh faighte acu roimhe sin ó Nicholas Barker, a bhí ina Chaptaen sa Chabhlach Ríoga. Bhí [[John Nott]], an Rúnaí Cosanta, díreach tar éis tuarascaíl a eisiúint inar mhol sé an HMS Endurance a tharraingt siar ó na hoileáin.
 
Ba í an ''Endurance'' an t-aon soitheach a bhí ag an gCabhlach Ríoga in Oileáin Fháclainne, agus ní raibh san ''Endurance'' féin ach long bheag oighearbhristeoireachta agus suirbhéireachta. Bhí Barker buartha go n-ionsódh na hAirgintínigh na hoileáin i ndiaidh an tuarascáil a léamh, ó bhí sí ag tabhairt le fios nach raibh an Ríocht Aontaithe fonnmhar na hoileáin a chosaint.
 
== Cogaíocht ==
Líne 82:
Cé go bhfuil na caoirigh tábhachtach do gheilleagar na nOileán i gcónaí, tá athrú ag teacht air sin. Thángthas ar artola, ar dhiamaint agus ar ghás timpeall na nOileán. Thairis sin, tá an turasóireacht ag dul chun tábhachta. Scéal eile fós go mbíonn na hOileáin ag díol cearta iascaireachta le comhlachtaí coimhthíocha iascaigh.
 
[[Íomhá:HMS Invincible Returns From Falklands War.jpg|mion|HMS ''Invincible'' i bPortsmouth, ag filleadh ar ais, sa bhliain 1982]]
 
== Toradh ==