An difríocht idir athruithe ar: "Matthew Hussey"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 25:
Bhain an tOllamh Matthew Hussey céim san innealtóireacht amach i g[[Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath]], sa bhliain 1963 (BE). Thug sé aghaidh ansin ar na Stáit Aontaithe, go hOllscoil Phennsylvania [[Philadelphia]], áit a bhain sé [[céim máistreachta|céim mháistreachta]] (MSc) agus [[céim dochtúireachta|céim dhochtúireachta]] (PhD) amach faoi seach sna blianta 1967 agus 1970. Agus é ar an ollscoil sna Stáit, bhí sé gafa go dlúth le hobair taighde i réimse na [[bithinnealtóireacht]]a.
 
Sa bhliain 1970, d'fhill sé ar an Eoraip, go Glaschú na hAlban, áit ar ghlac sé le post mar fhisiceoir sinsearach leis an Seirbhís Náisiúnta Shláinte agus Scoil na Fiaclóireachta in Ollscoil Ghlaschú. Agus é ansin, rinne sé taighde, forbairt, múineadh, agus léachtóireacht, mar aon le seirbhísí cliniciúla a chur ar fáil maidir le h[[ultrafuaimultrafhuaim]], [[séadairí cairdiacha]], tomhais chliniciúla is bith-ábhair fhiaclóireachta.
 
Sa bhliain 1975, d'fhill sé ar Éirinn agus ceapadh é mar léachtóir in [[Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath]], i Roinn na Fisice, agus mar Cheann na roinne sin sa tréimhse 1983-1995. Díreach ina dhiaidh sin ceapadh é mar Stiúrthóir/Déan ar Dhámh na hEolaíochta, post a bhí aige go dtí go ndeachaigh sé ar scor sa bhliain 2007. Lean sé air i mbun taighde agus léachtóireachta sa choláiste thar an achar seo go léir, mar aon le bheith gafa le gcúrsaí riaracháin, go háirithe le forbairt ar chláir acadúla agus le forbairt straitéiseach i gcúrsaí ard-oideachais. Lean sé air i mbun scríbhneoireachta agus é san institiúid, mar is léir óna tháirgiúlacht thar na blianta.