An difríocht idir athruithe ar: "An Béarla"

Content deleted Content added
m Cealaíodh athruithe Bodto (Plé); ar ais chuig leagan le Eniisi Lisika
chlib amháin: Rollback
Holder (plé | dréachtaí)
m corr using AWB
Líne 56:
Áirítear gurbh iad [[An Bíobla|Bíobla]] an Rí Séamas agus saothair [[William Shakespeare]] a chuir tús leis an litríocht Nua-Bhéarla, i dtús na [[16ú haois|séú haoise déag]]. Mar sin féin, d'athraigh an teanga go mór idir an Nua-Bhéarla Moch seo agus an cineál Nua-Bhéarla a labhraítear inniu. Mar shampla, chuaigh an sean-fhorainm ''thou'' agus foirmeacha an bhriathair a bhí ag dul leis - an iarmhír ''-st'', cosúil le ''thou sayest'' - in éag go hiomlán sa ghnáthchaint agus sa chuid is mó de na stíleanna scríofa.
[[Íomhá:Map of English native speakers.png|mion|333x333px|Cainteoiri dúchais]]
Nuair a choilínigh na Sasanaigh Meiriceá Thuaidh, an India, [[An Astráil|an Astráil,]], [[an Nua-Shéalainn]], cuid mhór den [[An Afraic|Afraic]] agus na críocha eile a bhí á rialú acu ar fud na mblianta, bhí an Nua-Bhéarla ann cheana féin mar theanga. Na canúintí nua a tháinig ar an bhfód sna coilíneachtaí éagsúla, tá siad go léir bunaithe ar an Nua-Bhéarla, agus iad intuigthe ag cainteoirí a chéile. In Éirinn, áfach, thosaigh an coilíniú ní ba mhoiche, agus mar sin, tháinig canúint amháin ar an bhfód a bhí bunaithe ar an Meán-Bhéarla, seachas an Nua-Bhéarla—is é sin, an teanga Ióla i g[[Contae Loch Garman]]. Chaill lucht a labhartha a dteagmháil leis an gcuid eile den domhan Béarla go luath, agus mar sin, choinnigh sliocht a sleachta a gcanúint Mheán-Bhéarla go dtí an naoú haois déag, nuair a bádh i bhfarraige mhór an Nua-Bhéarla chaighdeánaithe í.
 
Agus an méid sin ráite, is follasach go bhfuil difríochtaí suntasacha idir na cineálacha éagsúla Béarla a labhraítear ar fud an domhain. Nuair a casadh pobail agus teangacha bundúchasacha ar na Béarlóirí sna coilíneachtaí, ba mhinic a ghlac siad le focail agus le nósanna nua ó na daoine seo. Mar sin, tá Béarla [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|na Stát Aontaithe]] cuíosach saibhir i bhfocail iasachta a tháinig ó theangacha na Meiriceánach dúchasach, ón bhFraincis agus ón [[An Spáinnis|Spáinnis]]. Bhí an Fhraincis beo ar feadh i bhfad i [[Louisiana]] agus in áiteanna eile sna críocha a bhaineann leis na Stáit Aontaithe inniu, agus í á labhairt mar phríomhtheanga i gcuid mhór de [[Ceanada|Cheanada]] inniu féin. An Spáinnis, arís, tá sí ó dhúchas ag an gcuid is mó de lucht inimirce sna Stáit Aontaithe inniu, agus í beo i mbéal chuid mhaith seansaoránach Meiriceánach freisin i stáit dheisceartacha, cosúil le Nua-Mheicsiceo agus Texas. San Afraic Theas, arís, is í an Afracáinis—an leagan áitiúil den [[An Ollainnis|Ollainnis]]—an fhoinse is mó a thugann focail agus leaganacha cainte nua don chineál Béarla a chloistear á labhairt ansin.
Líne 92:
B'iad na focail mhóra léannta as an [[An Laidin|Laidin]] agus as an t[[An tSean-Ghréigis|Sean-Ghréigis]], na "focail chrua" nó ''hard words'' mar a thugtar orthu ó am go ham, a spreag Orwell chun an méid sin thuas a bhreacadh síos. Ach, le fírinne, tá Béarla an lae inniu iontach fáiltiúil roimh fhocail iasachta ó gach taobh, go háirithe ós rud é gur tíortha móra inimirce iad na tíortha is mó Béarla, agus na dreamanna eitneacha éagsúla ag tabhairt a gcuid nósanna, cócaireachta agus foclóra leo féin. Cé go gcromann siad go sciobtha ar an mBéarla mar theanga chomhchaidrimh eatarthu féin, bíonn siad ag baint úsáide as a gcuid focal féin le tagairt a dhéanamh dá nósanna sainiúla nár thréig siad go fóill. Uaireanta, glacann an saol mór le nósanna ó na dreamanna eitneacha seo—go háirithe más bia atá i gceist—agus téann an focal féin in úsáid i ngnáthchaint an Bhéarla sa tír sin. Mar sin, fágann na nósanna nua lorg áirithe ar an gcaint sna tíortha éagsúla, rud a chuireann le difríochtaí na leaganacha áitiúla den Bhéarla.
[[Íomhá:South Africa 2011 English speakers density map.svg|mion|Béarlóirí san [[An Afraic Theas|Afraic Theas]]]]
Sa chuid is mó de na tíortha Béarla, is é an Béarla an t-aon teanga oifigiúil amháin, agus é go líofa, nó fiú ó dhúchas, ag an gcuid is mó de mhuintir na tíre. San [[An Afraic Theas|Afraic Theas,]], áfach, tá na teangacha Bantúcha (an teanga [[Xhosa]], an t[[An tSúlúis|Súlúis]], an teanga Sotho, an teanga Tswana, agus an teanga Venda) le cloisteáil sa tsráid chomh minic leis an mBéarla féin, agus níos mó cainteoirí áitiúla dúchais ag an [[An Afracáinis|Afracáinis]]—an leagan den Ollainnis a d'fhorbair i nDeisceart na hAfraice go dtí gur iompaigh sé ina theanga neamhspleách—ná ag an mBéarla féin. D'fhág an Afracáinis an-lorg ar fhoclóir an Bhéarla san Afraic Theas, agus is ar éigean is féidir na cúrsaí áitiúla a phlé as Béarla gan dul i muinín cuid mhaith focal Afracáinise.
 
Sa Nua-Shéalainn, arís, tá tábhacht nach beag leis an teanga [[Maori]], arb í teanga na mbundúchasach í, cé go bhfuil na Maori féin go mór mór faoi chois sa tsochaí i gcónaí. Úsáidtear focail as an teanga seo sa Bhéarla áitiúil cosúil leis an dóigh a mbíonn Éireannaigh ag tarraingt chucu focail Ghaeilge, fiú mura bhfuil an Ghaeilge féin acu.