An difríocht idir athruithe ar: "Tom Crean"

Content deleted Content added
clib: Mobile edit Mobile web edit
Cealaíodh athrú 939813 le 87.36.247.143 (plé)ainm dílis
Líne 8:
D’fhill Crean, Lashly agus Evans 146 míle (268 ciliméadar) ón bPol ar [[4 Eanáir]] [[1912]], agus thug siad aghaidh ar thuras fillte go dtí an campa. Thart ar thús mhí Feabhra, bhí an Leifteanant Evans ag éirí an-tinn le [[Galar|galar carrach]], agus ó [[13 Feabhra]] [[1912]], céad míle ó shábháilteacht an champa, bhí ar Crean agus Lashly é a tharraingt ar an gcarr sleamhnáin, rud a chuir moill níos mó ar an triúr agus na soláthairtí [[bia]] ag éirí an-íseal.
[[Íomhá:Tom Crean2b.JPG|mion|276x276px|Endurance (1914)]]
Bhí an Leifteanant Evans ag iarraidh go bhfágfadh an triúr eile é mar go raibh eagla air go m[[bás]]ódh an triúr acu. Ach dhiúltaigh Crean agus Lashly é sin a dhéanamh (déarfadh Evans ina dhiaidh sin gurbh é seo an t-aon am amháin ina ghairmréim [[Cabhlach cogaidh|chabhlaigh]] gur diúltaíodh dá orduithe!).
 
Agus 35 míle fágtha (4-5 lá taistil, gan ach beirt ag tarraingt an chairr sleamhnáin) agus gan níos mó ná 1-2 lá bia fágtha, socraíodh go siúlfadh duine den bheirt ina aonar chun cúnamh a fháil, fad is a d’fhan an duine eile le Evans. Thairg Tom Crean an siúl a dhéanamh. Thóg sé ocht n-uaire déag chun an tsiúlóid 35 míle ina aonar a dhéanamh thar an oighear chun an campa a shroicheadh, agus gan ach trí [[Briosca|bhriosca]] agus roinnt seacláide le n-ithe aige, thit sé i mbun a chos díreach tar éis dó an campa a shroicheadh leathuair roimh shíobadh [[sneachta]] fíochmhar a mharódh é, is dócha, agus a chuir moill lá go leith ar an mbuíon tarrthála. D’éirigh leis an tarrtháil, áfach, agus tugadh Lashly agus Evans ar ais chuig an gcampa beo, ní hionann agus buíon Scott sa mhol. Tugadh ''Bonn Albert'' do Crean agus Lashly as ucht beatha Evans a shábháil.
Líne 16:
Dála Scott, bhí an-mhuinín ag Shackleton as Crean. Tar éis scrios a longa san oighear, bhí ar an bhfoireann na báid tarrthála a sheoladh trasna oighearmhá na Mara Weddell agus ansin rámhaíocht go h[[Oileán Eilifint]]. Nuair a shroich siad an áit, rinne siad ceann de na báid tarrthála a atógáil – sheol an James Caird agus cúigear, Shackleton agus Crean ina measc, go [[Seoirsia Theas]] chun cúnamh a fháil. Tá sé seo ar cheann de na turais i mbád beag oscailte is iontaí sa stair.
[[Íomhá:Crean & Cheetham.JPG|mion|Tom Crean (thuas) agus Alf Cheetham, Endurance, 1914]]
De bhrí gur tháinig siad i dtír ar chósta theas neamháitrithe na Seoirsia Theas, bhí ar thriúr de na fir, agus arís, Shackleton agus Crean ina measc, siúl trasna go dtí an taobh eile i dturas suntasach 36 huaire – an chéad uair a chuathas trasna an oileáin shléibhtiúil seo. Shroich siad an stáisiún míolta móra ag Stromness, tuirseach agus salach, agus ullmhaithe leis an 22 fear eile a bhí fós ar Oileán EilifintElephant a tharrtháil, dhá mhí is fiche tar éis dóibh seoladh ó Sheoirsia Theas.
 
== Níos déanaí ina shaol ==