An difríocht idir athruithe ar: "Cogadh na Saoirse (Éire)"

Content deleted Content added
m →‎An Sos Cogaidh: Béarla bainte
→‎Contae Chorcaí ar Bharr Lasrach: Mac Cuirtín->Mac Cuirtáin (foinse: https://www.ainm.ie/Abc.aspx?Letter=M)
Líne 76:
 
== Contae Chorcaí ar Bharr Lasrach ==
[[Íomhá:Thomas mac curtain.jpg|mion|328x328px|[[Tomás Mac CuirtínCurtáin]]]]
Taobh amuigh de [[Baile Átha Cliath|Bhaile Átha Cliath]], b'i g[[Contae Chorcaí]] ba mhó a bhí an cath á chur. Ansin a baineadh an chéad triail as cuid mhaith de na drochnósanna cogaíochta a chuir na Gaill i bhfeidhm ina dhiaidh sin, cosúil leis an loitiméireacht mar dhíoltas as ionsaithe de chuid na nÓglach, nó le feallmharú na bPoblachtánach mór le rá. I Mí na Samhna, 1919, chuir fórsaí na Corónach lár chathair Chorcaí trí thine, agus iad ag stopadh na bhfear dóiteáin ón tine a mhúchadh. I Mí na Márta, 1920, mharaigh fir a raibh dath dubh curtha ar a n-aghaidheanna [[Tomás Mac CuirtínCurtáin]], Ard-Mhéara Chathair Chorcaí, os comhair shúile a mhná céile, siocair is gur ball de [[Sinn Féin|Shinn Féin]] ab ea an Méara. Ina dhiaidh sin, chonacthas na fir chéanna ag filleadh ar bheairic na bpéas. An fear a tháinig i gcomharbas ar an gCuirtíneach mar Ard-Mhéara, [[Tarlach Mac Suibhne]], shíothlaigh seisean i bPríosún [[Brixton]] sa Bhreatain Mhór agus é ar stailc ocrais. An giúiré a d'fhiosraigh imthoscaí a bháis, chuir sé dúnmharú toilghnústa i leith [[David Lloyd George]] agus an Chigire Ceantair Swanzy; agus ina dhiaidh sin, mharaigh na hÓglaigh Swanzy i Lios na gCearbhach, Co. Aontroma.
[[Íomhá:LloydGeorge (cropped).jpg|clé|mion|236x236px|[[David Lloyd George]]]]
B'i gCorcaigh a tháinig na chéad Cholúin Reatha ar an bhfód, leis. Is é an rud a bhí i gceist le Colún Reatha ná díorma armtha agus thart ar chéad fear ann, agus iad in ann na Gaill a ionsaí ón eadarnaí agus a n-éalú a dhéanamh sula raibh d'uain ag an namhaid teacht ar a lorg, nó fir de mhuintir na háite a bhíodh iontu agus aithne acu ar an tír-raon agus ar an timpeallacht.