An difríocht idir athruithe ar: "Máire Stíobhartach Ní Dhomhnaill"

Content deleted Content added
Defsort, cata.
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Ceartú
Líne 10:
 
[[File:Gatehouse Prison, Westminster.JPG|thumb| Príosún an Tí Geata mar a bhí sé san 18ú haois sular leagadh é.]]
Bhí muintir a máthar buartha go mór toisc go raibh sí ag éirí mór le hÉireannaigh óga Chaitliceacha i [[Londain]] a bhí mídhílis don rialtas. I samhradh na bliana 1626, nuair a bhí Máire timpeall 19 bliana d’aois, bhris sí féin agus scata cairde isteach i b[[Príosún an Tí Geata]] agus d’fhuascail a leasdeartháir CaifirCathbharr Ó Domhnaill agus a col ceathrar Aodh Ó Ruairc, beirt a cuireadh i ngéibheann toisc gur dhiúltaigh siad éirí as an éileamh a bhí acu ar thailte plandáilte i m[[Bréifne]] Thiar.<ref name="dnb"/>
 
Fuarthas amach gurb ise a bhí ann agus ordaíodh di teacht i láthair na cúirte ríoga. Thogair sí éalú ó Londain i ndeireadh na bliana 1626. Chuaigh sí ar fán, duibhléid agus buataisí uirthi agus claíomh ar iompar aici, agus faoi dheireadh bhain sí Briostó amach. Bhí bean choimhdeachta faoi bhréagriocht léi darbh ainm Anne Baynham, agus "gentilhomme son parent"<ref name="dnb"/> (gaol d’fhear uasal), arbh é Ó Gallchobhair é, de réir cosúlachta.<ref name="dnb"/>