An difríocht idir athruithe ar: "Cogadh na Saoirse (Éire)"

Content deleted Content added
→‎Contae Chorcaí ar Bharr Lasrach: Mac Cuirtín->Mac Cuirtáin (foinse: https://www.ainm.ie/Abc.aspx?Letter=M)
Líne 49:
 
== Cogaíocht eadarnaíoch ==
[[Íomhá:S. Hogan - Flying Column No. 2, 3rd Tipperary Brigade, IRA - 1921.JPG|mion|colún reatha uimhir a dó, [[Seán Hogan]], 3rd Tipperary Brigade, 1921]]
Bhí ceannairí clúiteacha ann ar nós [[Dónall Ó Braoin|Dhónaill Uí Bhraoin]] agus [[Tomás de Barra|Thomáis de Barra]] i gceannas ar ''cholúin reatha'', grúpaí le thart ar 100 fear a bhí in ann luíocháin a eagrú go h-éifeachtach roimh na fórsaí Gallda. Ó bhí aithne níos fearr ar an gceantar máguaird acusan ná ag na saighdiúirí Gallda, bhí siad in ann teitheadh ó na Sasanaigh i ndiaidh na teagmhála.
[[Íomhá:Daniel Breen police notice.jpg|clé|mion|220x220px|[[Dónall Ó Braoin|Dónaill Uí Bhraoin]]]]
[[Íomhá:Sean Hogan third Tipperary Brigade circa 1921.jpg|mion|243x243px|[[Seán Hogan]]]]
Bhí eagraíochtaí tacaíochta ag cabhrú leis an IRA - [[Cumann na mBan]] agus [[Fianna Éireann]] (eagraíocht na n-óg). Bhí baill na n-eagraíochtaí seo ina dtimirí agus ina gcúntóirí ag an IRA, agus iad ag cuidiú leis na hÓglaigh a gcuid arm a iompar, ag gléasadh bia dóibh nó ag tabhairt dídin sna "tithe sábháilte" d'Óglaigh a bhí díreach ar a seachnadh ó na Gaill. Bhí cuid mhór den daonra ar fad sásta lámh chúnta a shíneadh do na hÓglaigh ar an dóigh seo, agus an dóigh ar mhill na Sasanaigh a gclú féin ó thús an chogaidh i leith. [[Íomhá:Soloheadbeg proclomation.jpg|link=https://ga.wikipedia.org/wiki/%C3%8Domh%C3%A1:Soloheadbeg%20proclomation.jpg|mion|Luíochán na Sulchóide Bige eisíodh forógra, 19 Eanáir 1919]]Thosaigh polasaí neamhoifigiúil seo na loitiméireachta i [[Mainistir Fhear Maí]] i gCo. Chorcaí i Mí Mheán Fómhair den bhliain 1919. Rinne dhá chéad duine de shaighdiúirí Gallda smidiríní de na gnóthais ba thábhachtaí san áit, agus iad ar buile nuair a mharaigh an tIRA duine acu toisc gur dhiúltaigh sé a chuid arm a thabhairt uaidh. Tharla a leithéid eile in áiteanna cosúil le [[Luimneach]] agus [[Baile Brigín]], agus nuair a chuala an saol mór orthu, rinne siad dochar do chúis na Breataine Móire sa [[baile|bhaile]] agus i gcéin.