An difríocht idir athruithe ar: "Dún na nGall"

Content deleted Content added
mNo edit summary
Ceannlínte
Líne 12:
daonra_thuathúil = 3,724 (2002) |
}}
Is baile é '''Dún na nGall''' (''Donegal'' as [[Béarla]]) i ndeisceart [[Contae Dhún na nGall| Chontae Dhún na nGall]], [[Poblacht na hÉireann]].

== Stair ==
Roimh an [[17ú haois]] déag, bhí an baile ina phríomhdhún ag [[clann Ui Dhomhnaill]], rialtóirí stairiúla [[Tír Chonaill]]. Tá fianaise ann go raibh daoine ag cur fúthu ar an láthair roimh theacht na Críostaíochta. Meastar gur mar gheall ar dhún a bheith ag [[na Lochlannaigh]] sa cheantar a tugadh Dún na nGall air. Tugann na mílte cuairt ar [[Caisleán Dhún na nGall|Chaisleán Dhún na nGall]] gach bliain, caisleán a thóg Clann Uí Dhónaill sa [[15ú haois|chúigiú haois déag]]. Tá ballóga sainmhainistreach ann chomh maith, mar a raibh [[Ord na bProinsiasach]]. Rinneadh cuid mhaith den obair ar [[Annála na gCeithre Máistrí]], ceann de na lámhscríbhinní stairiúla is tábhachtaí in Éirinn, sa mhainistir seo.
[[Image:donegaltown.jpg|thumbnail|left|''An Diamant'' i lár an Dún na nGall.]]
 
Nuair a [[Teitheadh na hIarlaí|theith na hIarlaí]] i [[1607]] tar éis chogadh fhada in aghaidh na [[Sasana|Sasanach]], tugadh an caisleán agus a thailte don Sasanach [[Basil Brooke]], mar chuid de [[Plandáil Uladh|Phlandáil Uladh]]. Rinneadh an baile a leagan amach le cearnóg ina lár ar a dtugtar an Diamaint.
 
== Inniu ==
Is ionad mór turasóireachta é an baile anois, é suite ag bun na gCruacha Gorma, agus in aice le cuid mhór tránna a mbíonn daoine ag tonnmharcaíocht orthu. Tá traidisiún láidir fíodóireachta sa bhaile agus sa cheantar máguaird, agus an-cháil ar chomhlacht Magee. Is ann atá ceannáras an nuachtáin an Donegal Democrat.