An difríocht idir athruithe ar: "Úna Ní Fhaircheallaigh"
Content deleted Content added
No edit summary |
|||
Líne 16:
== Luathshaol ==
I Rafanaigh in aice le [[Achadh an Iúir]] i
Údar mórtais don chlub seo an as níos mó ná 60,000 ball leanaí a bhí aige nuair a bhí an club i mbarr a réime, agus d’éascaigh sé oll-dhíonteagasc glúin de leanaí Éireannacha bhféiniúlacht chultúrtha na náisiúnaithe. Bhí sí le bheith ar an mbean is teanntásaí sa chlub seo, a mhúnlaigh a smaointe útóipeacha, feimineacha agus náisiúnaíocha le linn a bheith ina ndaoine fásta.<ref>Ríona Nic Congáil, "Fiction, Amusement, Instruction": The Irish Fireside Club and the Educational Ideology of the Gaelic League, ''Éire-Ireland'' – Volume 44:1&2, Earrach/Samhradh / Spring/Summer 2009, pp. 91–117</ref>
Tuairim 1896 a thosaigh sí ag foghlaim Gaeilge. Nuair a foilsíodh a húrscéilín Grádh agus crádh i 1901, d’éiligh an Dr Micheál Ó hIceadha gurbh é an t-aon leabhar amháin dár chuir an Conradh amach a bhí saor ó locht agus d’admhaigh sé gurbh é féin a bhí ag múineadh Gaeilge d’Úna le ceithre bliana anuas.
I ndiaidh Mháire Ní Aodáin ba í ab fhearr a rinne troid ar son comhdheise agus cothramaíochta do mhná san ollscolaíocht. Labhair sí os comhair an Choimisiúin Ríoga 1901–3 thar ceann an Irish Federation of University Graduates. Mar gheall ar an obair sin a ceapadh í ina ball de chéad Bhord Stiúrtha Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath (Ollscoil na hÉireann) i 1909.
I 1902 d’fhoilsigh an Conradh leabhar a scríobh sí 'Smuainte ar Árainn'. agus úrscéilín eile 'An Cneamhaire', tuairim an ama chéanna.
I ndiaidh adhlacadh an Athar Ó Gramhnaigh i 1903 chuir sí eagar ar 'Leabhar an Athar Eoghan' —an chéad leabhar riamh le léaráidí agus grianghrafanna ar de dhéantús na hÉireann ar fad é.
== Gairm acadúil ==
Line 33 ⟶ 38:
Bhain sí céim amach in Ollscoil Ríoga na hÉireann (BA 1899, MA 1900), agus chaith sí téarma i bPáras ag staidéar faoi Henri D’Arbois de Jubainville, ollamh le Cheiltis sa Collège de France. Ba í an chéad bhean í a rinne staidéar ar an Cheiltis go leibhéal chomh hard sin. Ceapadh Ní Fhaircheallaigh mar léachtóir le Gaeilge i gcoláistí Alexandra agus Loreto, agus theagasc sí Gaeilge i bPríom- Oifig an Chonartha freisin.
Chuir sí ina luí ar Mháire Ní Aodáin (Mary Hayden) iarratas a dhéanamh ar Chomhaltacht Shinsearach na hOllscoile Ríoga, mar iarracht dúshlán a thabhairt don tuairim go raibh scoláirí ban neamh-incháilithe le haghaidh dámhachtainí den sórt sin. I 1902, in éineacht le Hayden, chabhraigh sí leis an gCumann Céimithe na mBan agus Ábhair Chéimithe a bhunú, d’fhonn comhdheiseanna san oideachas ollscoile a chur chun cinn. Thug sí fianaise do choimisiúin Robertson (1902) agus Fry (1906) ar oideachas ollscoile na hÉireann, ag argóint go rathúil ar son comhoideachais iomlán ag COBÁC.
Nuair a bunaíodh Ollscoil na hÉireann i 1909 ceapadh Úna ina Léachtóir le Nua-Ghaeilge. I 1911 foilsíodh an t-aon saothar amháin léinn dá cuid, 'Filidheacht Sheagháin Uí Neachtain', ina bhfuil eagar curtha aici ar dhosaen dán. I 1932 ceapadh í ina hollamh le Filíocht na Nua-Ghaeilge i gcomharbacht ar an gCraoibhín. An Craoibhín a scríobh an réamhrá i gcnuasach dá dánta 'Áille an Domhain' a foilsíodh i 1927.
I 1921 d’fhoilsigh Cló an Talbóidigh cnuasach dá véarsaí Béarla, Out of the Depths.
Nuair a chuaigh [[Dubhghlas de hÍde]] ar scor i 1932, ceapadh í ina ollamh le Nua-Ghaeilge, agus d'fhan sí sa phost sin go dtí gur scoir sí i 1947.
== Conradh na Gaeilge ==
I rith an t-samhraidh 1898, nuair a chríochnaigh Ní Fhaircheallaigh a dara bliain staidéir i gColáiste Naomh Muire, shocraigh Eoin Mac Néill di cuairt a thabhairt ar [[Inis Meáin]], chun a Gaeilge a fheabhsú. Thar na cúig samhraí eile a chaith sí ar Inis Meáin,
Nuair a d’fhill sí ó Oileáin Árann i bhfómhar na bliana 1898, chláraigh sí leis an Chraobh Lárnach de Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus ba ghearr go raibh sí ina ball dá Choiste Gnó agus den bhall ban ba mhó tionchar sa Chonradh go dtí 1915. Le linn a luath rannpháirtíocht sa Chonradh chuir Ní Fhaircheallaigh a 'clár oibre na mban' chun cinn i measc a chomhghleacaithe fireannaha mór le rá. Más rud ar bith é, chuir sé seo leis an tóir a bhí uirthi, rud a léiríodh nuair afuair sí an vóta is airde sna toghachán i 1903 agus 1904. Bhí sí ar cheann de na gníomhaígh teanga ba ghníomhaí agus is dúthrachtaí ag an am seo.<ref>TIMOTHY G. MCMAHON, 'All Creeds and All Classes?? Just Who Made Up the Gaelic League?' ''Eire-Ireland'' 37 no3/4 118–68 Fall/Wint 2002</ref>
==Tagairtí==
{{Reflist}}
|