An difríocht idir athruithe ar: "Georg Voigt"
Content deleted Content added
m corr using AWB |
+WD Bosca Sonraí Duine |
||
Líne 1:
{{WD Bosca Sonraí Duine}}
Ba staraí [[An Ghearmáin|Gearmánach]] é '''Georg Voigt''' a rugadh sa bhliain 1827 i Königsberg sa [[an Phrúis|Phrúis Thoir]]. Fuair sé bás i [[Leipzig]] sa bhliain 1891. Ba mhac an staraí Johannes Voight é Georg. Bhain Georg, chomh maith le [[Jacob Burckhardt]], le bunaitheoirí an taighde nua-aimseartha, i dtaobh [[an Renaissance]] san [[An Iodáil|Iodáil]].
Sa bhliain 1860, ceapadh é mar ollamh staire in [[Ollscoil Rostock]], ar mholadh ó [[Heinrich von Sybel]]. Sa bhliain 1866, ceapadh é ina ollamh staire in [[Ollscoil Leipzig]], i ndiaidh an staraí Wilhelm Wachsmuth. Bhain a chuid taighde le téamaí an daonnachais sa 15ú haois agus sa 16ú agus ar stair an [[Cogadh Schmalkalden|chogaidh Schmalkalden]]. Murab ionann agus Burckhardt, bhain taighde Voigt le chéad céad na gluaiseachta a tháinig ón Renaissance a thosaigh i bh[[Flórans]] agus a scaip fud fad na hEorpa. Chuir Buckhardt síos ar gach gné den tsochaí Iodálach le linn an Renaissance.
|