An difríocht idir athruithe ar: "Daniel Defoe"

Content deleted Content added
Líne 8:
Daniel Foe a bhí ar an scríbhneoir i dtús báire. Saolaíodh i bparóiste St Giles Cripplegate i Londain é, i sráid Fore de réir dealraimh. Níos deireanaí chuir sé an "De" lena shloinne le tabhairt le fios gur de bhunadh uasal é, agus uaireanta deireadh sé gurbh é "De Beau Faux" fíorleagan an tsloinne. Le fírinne níltear ar aon fhocal faoi am ná áit a bhreithe, ach is féidir a rá gur timpeall na bliana 1960 a tháinig sé chun saoil. Coinnealóir a bhí in athair an scríbhneora, agus é ina bhall den ''Worshipful Company of Butchers'', gild nó cuallacht na mbúistéirí. Nuair a bhí an scríbhneoir ina bhuachaill bheag, thit mórimeachtaí amach i saol na príomhchathrach: sa bhliain 1665 shiúil éag mór ar mhuintir na háite nuair a bhí an phlá bhúbónach ag rith damhsa ansin, agus an bhliain a bhí chugainn tharla olltubaiste eile nuair a chuaigh an chathair trí thine. Mharaigh an phlá thart ar sheachtó míle duine, agus maidir leis an dóiteán, níor fhág sé ach teach mhuintir Foe agus dhá fhoirgneamh eile ina seasamh sa chomharsanacht. Sa bhliain 1667, nuair a bhí Daniel timpeall is seacht mbliana d'aois, rinne loingeas Ollannach ionsaí ar Chatham in Kent. Fuair máthair Daniel, Alice Foe, bás nuair nach raibh an mac ach seacht mbliana d'aois.
 
Fuair Daniel an chéad oideachas i scoil chónaithe an Urramaigh James Fisher i Lána Pixham in Dorking, Surrey. Easaontóirí Preispitéireacha ab ea a thuismitheoirí, agus nuair a bhí sé ceithre bliana déag, a bheag nó a mhór, cuireadh go Newington Green é, nach raibh ann ach sráidbhaile beag taobh thuaidh de Londain san am, le freastal ar Acadamh easaontach Charles Morton. Creidtear go mbíodh sé ag freastal ar theampall easaontach na háite fosta. Bhí cónaí air i Sráid an Teampaill (Church Street) i Stoke Newington (áit a bhfuil 95-103 Church Street inniu). San am sin bhí rialtas Londain á ngéarleanúint siúd nach raibh sásta adhradh a thabhairt do Dhia taobh istigh d'Eaglais Shasana.
 
Chuaigh Defoe le trádáil mar shlí bheatha, agus é ag gáinneáil le hearraí olla, earraí góiséireachta agus fíon. Trádálaí an-ardaidhmeannach a bhí ann agus é in ann eastát tailte a cheannach faoin tuath chomh maith le long dá chuid féin, ach ba mhinic a bhíodh sé báite i bhfiacha. Sa bhliain 1962 dhearbhaigh sé go raibh sé bancbhriste. Ar an Lá Caille 1684 phós Defoe Mary Tuffley i dteampall Aldgate. Iníon le trádálaí saibhir a bhí inti agus spré 3700 punt ag dul léi - suim mhór mhillteanach airgid a bhí ann de réir chaighdeán an ama sin. Cé go raibh fiacha agus trioblóidí polaitiúla Defoe ag cur isteach ar a saol, mhair an pósadh ar feadh 47 mbliana, agus rugadh ochtar clainne don lánúin.