Úrscéalaí Sasanach a rugadh i Londain, Sasana ab ea Daniel Defoe (fíorainm: Daniel Foe). Rugadh timpeall ar an mbliain 1660 é, agus fuair sé bás ar an 24 Aibreán 1731. Ba é an t-úrscéal Robinson Crusoe a thuill a chlú dó. Foilsíodh an t-úrscéal seo an chéad uair sa bhliain 1719, agus deirtear go bhfuil sé ar an dara leabhar is mó a léadh is a léitear, díreach i ndiaidh an Bhíobla, Bhí Defoe ar dhuine de cheannródaithe na húrscéalaíochta i saol an Bhéarla, agus réitigh sé an ród don úrscéal mar sheánra sa teanga in éineacht le Aphra Behm agus Samuel Richardson, mar shampla. San am chéanna scríobhadh sé paimfléid pholaitiúla, iriseoireacht agus a lán eile.

Daniel Defoe
Daniel Defoe Kneller Style.jpg
Saol
Ainm iomlán Daniel Foe
Eolas breithe Ward of Cripplegate (en) Aistrigh agus Londain, Meán Fómhair 13, 1660
Náisiúntacht Ríocht Shasana
Ríocht na Breataine Móire
Grúpa eitneach Sasanaigh
Bás Moorfields, Aibreán 24, 1731
Áit adhlactha Bunhill Fields Burial Ground (en) Aistrigh
Muintir
Athair James Foe
Máthair Alice Marsh
Céile/Céilí Mary Tuffley (en) Aistrigh  (1684 -
Páistí
Oideachas
Teangacha An Béarla
Gairm
Gairm iriseoir, úrscéalaí, scríbhneoir próis, scríbhneoir litríocht pháistí, poiblitheoir, scríbhneoir, duine den lucht gnó agus iriseoir tuairime
Saothar iomráiteach Robinson Crusoe (en) Aistrigh
Moll Flanders (en) Aistrigh
A Journal of the Plague Year (en) Aistrigh
IMDb nm0214518

Ba mhinic a bhíodh seisean agus na húdaráis in adharca a chéile, agus dá réir sin chaith sé seal i dtóin phríosúin. San am chéanna bhí meas ag maithe agus móruaisle na tíre ar a chuid smaointí úra, agus iad i dteagmháil leis.

SaolCuir in Eagar

Daniel Foe a bhí ar an scríbhneoir i dtús báire. Saolaíodh i bparóiste St Giles Cripplegate i Londain é, i sráid Fore de réir dealraimh. Níos deireanaí chuir sé an "De" lena shloinne le tabhairt le fios gur de bhunadh uasal é, agus uaireanta deireadh sé gurbh é "De Beau Faux" fíorleagan an tsloinne. Le fírinne níltear ar aon fhocal faoi am ná áit a bhreithe, ach is féidir a rá gur timpeall na bliana 1960 a tháinig sé chun saoil. Coinnealóir a bhí in athair an scríbhneora, agus é ina bhall den Worshipful Company of Butchers, gild nó cuallacht na mbúistéirí. Nuair a bhí an scríbhneoir ina bhuachaill bheag, thit mórimeachtaí amach i saol na príomhchathrach: sa bhliain 1665 shiúil éag mór ar mhuintir na háite nuair a bhí an phlá bhúbónach ag rith damhsa ansin, agus an bhliain a bhí chugainn tharla olltubaiste eile nuair a chuaigh an chathair trí thine. Mharaigh an phlá thart ar sheachtó míle duine, agus maidir leis an dóiteán, níor fhág sé ach teach mhuintir Foe agus dhá fhoirgneamh eile ina seasamh sa chomharsanacht. Sa bhliain 1667, nuair a bhí Daniel timpeall is seacht mbliana d'aois, rinne loingeas Ollannach ionsaí ar Chatham in Kent. Fuair máthair Daniel, Alice Foe, bás nuair nach raibh an mac ach seacht mbliana d'aois.

Fuair Daniel an chéad oideachas i scoil chónaithe an Urramaigh James Fisher i Lána Pixham in Dorking, Surrey. Easaontóirí Preispitéireacha ab ea a thuismitheoirí, agus nuair a bhí sé ceithre bliana déag, a bheag nó a mhór, cuireadh go Newington Green é, nach raibh ann ach sráidbhaile beag taobh thuaidh de Londain san am, le freastal ar Acadamh easaontach Charles Morton. Creidtear go mbíodh sé ag freastal ar theampall easaontach na háite fosta. Bhí cónaí air i Sráid an Teampaill (Church Street) i Stoke Newington (áit a bhfuil 95-103 Church Street inniu). San am sin bhí rialtas Londain á ngéarleanúint siúd nach raibh sásta adhradh a thabhairt do Dhia taobh istigh d'Eaglais Shasana.

Chuaigh Defoe le trádáil mar shlí bheatha, agus é ag gáinneáil le hearraí olla, earraí góiséireachta agus fíon. Trádálaí an-ardaidhmeannach a bhí ann agus é in ann eastát tailte a cheannach faoin tuath chomh maith le long dá chuid féin, ach ba mhinic a bhíodh sé báite i bhfiacha. Sa bhliain 1962 dhearbhaigh sé go raibh sé bancbhriste. Ar an Lá Caille 1684 phós Defoe Mary Tuffley i dteampall Aldgate. Iníon le trádálaí saibhir a bhí inti agus spré 3700 punt ag dul léi - suim mhór mhillteanach airgid a bhí ann de réir chaighdeán an ama sin. Cé go raibh fiacha agus trioblóidí polaitiúla Defoe ag cur isteach ar a saol, mhair an pósadh ar feadh 47 mbliana, agus rugadh ochtar clainne don lánúin.

Sa bhliain 1685 ghlac Defoe páirt in Éirí Amach Monmouth in aghaidh an Rí Séamus a Dó, ach nuair a bhí an cheannairc cloíte, pardúnaíodh é. Sa bhliain 1689 corónaíodh an Bhanríon Máire agus a fear céile Uilliam a Trí in éineacht, agus chuaigh Defoe i gcomhghuaillíocht pholaitiúil leis an lánúin ríoga seo - bhí sé fiú ina ghníomhaire rúnda ag obair ar mhaithe leis an lánúin. Na polasaithe nua a chuir an lánúin i bhfeidhm áfach chuaigh siad chun dochair do ghnóithe Defoe, toisc go raibh siad ag tarraingt coimhlinte leis an bhFrainc. Nuair a gabhadh Defoe sa bhliain 1692, ba é ba chúis leis go raibh fiacha seacht gcéad punt air, ach táthar ag déanamh go raibh suim a chuid fiach i bhfad ní b'airde, timpeall ar 17 míle punt. Ar lá a bháis bhí Defoe báite i bhfiacha i gcónaí, agus an roinn ríoga airgeadais ag cur an dlí air.

Is dealraitheach, nuair a scaoileadh Defoe saor as príosún na bhféichiúnaithe dócmhainneacha, go ndeachaigh sé ag taisteal agus é ag tabhairt cuairte ar Albain agus ar áiteanna in Ilchríoch na hEorpa. Creidtear gur san am sin a bhí sé ag trádáil le fíon i gCádiz sa Spáinn agus i bPorto is i Liospóin sa Phortaingéil. Timpeall ar an mbliain 1695 bhí sé i Sasana arís agus é ag tabhairt "Defoe" air féin anois. Bhí sé ag obair ina "choimisiúnaí dleachta ar ghloine", is é sin bhí sé ag bailiú cánach ó lucht déantúis na mbuidéal. Sa bhliain 1696 bhí monarcha brící aige in Essex, áit a bhfuil Tilbury sa lá atá inniu ann, agus cónaí air i bparóiste Chadwell St Mary.

SaotharCuir in Eagar

Robinson CrusoeCuir in Eagar

Is é Robinson Crusoe an leabhar is clúití a tháinig ó pheann Defoe. Duine longbhriste é Robinson Crusoe nach bhfuil de rogha aige ach saol dá chuid féin a chur ar bun ar an oileán aonaránach ar a bhfuil cónaí air. Foilsíodh an chéad eagrán ar an 25 Aibreán 1719, agus tugadh le tuiscint do na léitheoirí gurbh é Crusoe féin a scríobh an leabhar - is é sin, nach scéal ficseanúil a bhí i gceist ach cuimhní cinn le fíordhuine. Creidtear gur tharraing Defoe ar Alexander Selkirk mar bhunchuspa dá laoch: mairnéalach Albanach a bhí i Selkirk a chaith ceithre bliana ar oileán Más a Tierra (inniu: Isla Robinson Crusoe sa tSile). Maidir le laoch an úrscéil, áfach, bhí air beagnach tríocha bliain a chaitheamh ar a oileán féin, sular thángthas chun tarrthála dó. Idir an dá linn bhí eachtraí dainséaracha aige agus é ag cur ar a shon in aghaidh canablaigh agus foghlaithe mara. Is nós leis na canablaigh a gcuid príosúnach a mharú agus a ithe san oileán: duine de na príosúnaigh sin is ea Friday nó "Dé hAoine", an fear bundúchasach a bheidh ina chompánach dílis ag Robinson i ndiaidh dó éalú.

Téama tábhachtach sa scéal é an reiligiún, agus Robinson i dtuilleamaí an Bhíobla le haghaidh sóláis chomh huaigneach atá sé. An bhaint atá aige le Dé hAoine, is féidir é a thuiscint mar mheafar ar an Impiriúlachas, nó cé go bhfuil meas ag an laoch ar an bhfear seo mar chompánach dílis, is léir go bhfuil seisean ina "fhear shibhialta" agus gur "fear fiain" é Dé hAoine, dar leis an scríbhneoir chomh maith leis an laoch. Thairis sin, déanann Robinson iarracht Dé hAoine a chur i dtreo an chreidimh Chríostaí chomh maith - díreach mar a bhí na himpiriúlaithe ag brath ar an gCríostaíocht mar chosaint mhorálta do na gabháltais agus don chóilíniú.

Is féidir go ndeachaigh an leabhar Philosophus Autodidactus i bhfeidhm ar Defoe agus ar scéal Crusoe chomh maith. Aistriúchán Laidine ab ea Philosophus Autodidactus ("An Fealsamh Féinteagasctha") ar an úrscéal fealsúnach Hayi ibn Yaqzan ("Beo Mac an Fheasaigh") leis an scríbhneoir Arabach Ibn Tufail (nó Abubacer, mar a thugtaí air sna tíortha Críostaí). Is é is ábhar do leabhar Ibn Tufail ná an dóigh a múineann leanbh aonair in oileán scoite dó féin conas conclúidí a bhaint as breathnuithe le teacht ar an bhfírinne.

Captain SingletonCuir in Eagar

Leabhar eachtránaíochta é Captain Singleton. Sasanach é an Captaen Singleton agus é ag tabhairt cuairte ar an Afraic i dtús an scéil; sa dara leath den scéal feicimid Singleton ina fhoghlaí mara. Le fírinne tá Singleton níos cosúla le duine de thrádálaithe eachtránacha a linne seachas le foghlaí mara sa chiall chúng, agus aird an scríbhneora dírithe ar chúrsaí eacnamaíochta agus loighistice ná ar an bhfoghlaíocht. Is dócha go raibh an scéal ceaptha mar aoir pholaitiúil agus ag spochadh faoi lucht leanúna an mharsantachais.

Memoirs of a CavalierCuir in Eagar

A Journal of the Plague YearCuir in Eagar

Colonel JackCuir in Eagar

Moll FlandersCuir in Eagar

RoxanaCuir in Eagar