An difríocht idir athruithe ar: "Meicnic"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 87:
|-
|}
 
==Cur i bhfeidhm na teoirice==
 
Tabharfar sampla bunúsach den teoiric seo i bhfeidhm agus tuigfear mar seo bunfhadhb na meicnice: ''suíomh an chórais mar fheidhm an ama a ríomh de réir na bhfórsaí eismheánacha''. Abair nach bufuil ach treo amháin sa bhfadhb agus go bhfuil poncmháis ann a mhotháionn an fórsa <math>F=-kx</math>, áit gur tairseach é ''k''. Seo é an fórsa a mhothaíonn máis agus é ceangailte go sprionga. De ré=-kxir dlí Newton is ionann cothromóid na gluaiseachta agus
 
:<math>m\frac{d^2x}{dt^2}=-kx,</math>
 
agus is furasta réiteach ginearálta na cothromóide seo a aimsiú: <math>x(t)=A\cos(\omega t)+B\sin(\omega t)</math>, áit gur tairsigh iad ''A'' agus ''B'', agus is ionann <math>\omega</math> agus <math>\sqrt{k/m}</math>. Leis na coinníollacha tosaigh ''x(0)=x_0'', ''[dx/dt](0)=v_0'', is féidir cothromóid na gluaiseachta a réiteach,
 
:<math>x(t)=x_0\cos(\omega t)+\frac{v_0}{\omega}\sin(\omega t).</math>
 
Is féidir anois a rá le cintteacht cá bheidh an réad, nuair atá eolas againn ar luas agus suíomh an réaid ag tús an turgnaimh. Nuair atá an freagra sin againn, tá fadhb na meicnice réitithe le haghaidh an chórais i gceist.
 
Nuair a tháinig eolaithe ar an teoiric seo ar dtús, ina measc Isaac Newton, chonaic siad impleachtaí fealsúnachta ann: bheadh réamhfhaisnéis ag duine ar stadas coirp dá mbeadh eolas aige ar choinníollacha tosaigh an chórais. Ós rud é gur bailiúchán adamh gach rud sa chruinne, chonacthas do na heolaithe seo go bhféadfaí réamhfhaisnéis a thabharit ar cad a tharlódh do chuile rud sa chruine. Cheap na daoine seo gur chuir eolaíocht na meicnie deireadh le saor-thoil agus rudaí randamacha. Anois, tuigtear dúinn nach bhfuil sé seo fíor: bíonn na fórsaí a fheidhmíonn ar coirp mhóra i bhfad níos casta ná ''F=-kx'', agus mar sin, ní féidir go ginearálta cothromóidí na gluaiseachta a réiteach. Cuireann teoiricí cosúil leis an bhfisic chandamach agus teoiric an neamh-oird (chaos theory) srianta eile ar an méid réamhfhaisnéise gur féidir a dhéanamh ar chóras meicnice. In aineoin na teorainne seo, tá cumhacht ag an meicnic chun fadhbanna teicneolaíochta a réiteach, ina measc, conas eitleán nó gluaisteán a stiúradh, nó conas saitilít a sheoladh go spás.
 
[[Catagóir:Fisic]]