An difríocht idir athruithe ar: "Trá na Sasanach"
Eomurchadha (plé | dréachtaí) Leathanach cruthaithe le 'Bhí craobhacha éagsúla de Mhuintir Uí Shúilleabháin scaipthe ar fuaid iardheisceart na hÉireann le linn an chéad leath den 17ú haois. Bhí ceann des na craobha...' |
(No difference)
|
Leagan ó 16:44, 30 Nollaig 2020
Bhí craobhacha éagsúla de Mhuintir Uí Shúilleabháin scaipthe ar fuaid iardheisceart na hÉireann le linn an chéad leath den 17ú haois. Bhí ceann des na craobhacha seo lonnaithe i gCaisleán Fhormaoil i mBaile an Sceilg agus an Captaen Eoin O Súilleabháin Mór i gceannas orthu. Le linn Plandáil Chromail (1649-1653), dhiúltaigh an Captaen Ó Súilleabháin Mór géilleadh do Rialtas Shasana. Ansin bheartaigh fórsaí Shasana O Súilleabháin a chur faoi smacht agus thugadar féna chuid tailte a ionsaí. Chuige seo d'fhág cabhlach de 3 nó 4 long Bá Thrá Lí chun tabhairt fén ionsaí. Chrochadar ancaire i mBá na Scealg go luath ar maidin. Ansin chuireadar 160 fear i dtír roimh bhriseadh an lae. Tháinig na mairnéalaigh seo aniar aduaidh ar mhuintir na háite agus bhailíodar leo pé creach a d'fhéadfaidís lámh a leagan uirthi. Thiomáineadar stoic agus ainmhithe cois trá chun iad a chur ar bord loinge. Ghabhadar buíon den chosmhuintir agus thógadar iad mar ghialla chomh maith. Bhíodar díreach réidh chun na hainmhithe agus an chreach a thógaint ar bord nuair a tháinig an Captaen Eoin Súilleabháin agus a chuid fórsaí ar an bhfód. Thug sé ordaithe don dá chaptaen a bhí ina theannta iad féin a chur i bhfeac -an Captaen Ó Braonáin ar an dtaobh thoir den tráigh agus an Captaen Mac Suibhne ar an dtaobh thiar. Bhain an Captaen Eoin Ó Súilleabháin agus a chomplacht leas as claí mar fhalla cosanta, chun fogha a thabhairt faoi fhórsaí Shasana.
Bhris cath fíochmhar amach agus goineadh an Captaen Súilleabháin sa cheathrú agus thit sé chun talaímh. Ansin d'ionsaigh an Captaen O Braonáin na Sasanaigh go fíochmha: Níor thug sé deis do na Sasanaigh úsáíd a bhaínt as a lón airm Bhí orthu dul i muinín na muscaed agus beaignití. Pící agus claimhte leathana a bhí ag na Gaeil agus iad sciliúil go maith leis na huirlisí troda seo. Buadh go tubaisteach ar thrí chomplacht Shasana. Maraíodh nó goineadh go dona a bhformhór agus éinne a d'fhan beo ghéilleadar go humhal. B'é an Captaen Edward Voclier a bhí mar chaptaen ar na Sasanaigh. Fear cróga ab ea é agus throid sé go fíochmhar. Goineadh é lo n-uaire ach d'éirigh leis a chosa a thabhairt leis agus chuaigh sé í mbun snámha. Thóg bád dá chuid féin ar bord é. Theastaigh 6 chuid de mhairnéalaigh Shasana na gíalla Éireannacha a bhí acu a chrochadh. Níor aontaigh Captaen Voclier leis seo. Dúirt sé gur cath cothrom macánta a bhí ann agus shaoraigh sé na gialla. Tugadh a shaighdiúirí féin a bhí gointe ar ais dó. Maraíodh thart ar 30 des na Gaeil agus goineadh níos mó ná an uimhir sin. Faraor chuir an gortú a fuair an Captaen O Súilleabháin deireadh lena shaol mar shaighdiúir. 1s de bharr an chatha seo a tugadh Trá na Sasanach ar an dtráigh seo. Nuair a fuair Rialtas Shasana cuntas ar an gcath, bheartaíodar dún cosanta a thógaint in Oileán Dairbhre sa bhliain 1653 -san áit ina bhfuil an Tigh Solais anois, agus thógadar dún cosanta eile sa Neidín. Cuireadh buíon mhór saighdiúirí ar garastún sa dá dhún cosanta seo chun Ó Súilleabháin a smachtú agus a chur fé chois.