An difríocht idir athruithe ar: "Rámhlong na hÉireann"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 10:
Taispeánann íomhá ar léarscáil de chuid na bliana 1567 long ocht mbuille le deireadh cruinn agus tosach fada gobach.<ref>Ireland in Schools: ‘Grace O’Malley, Granuaile: Chieftain, trader, pirate: ships’: www.iisresource.org/Documents/0A4_Grace_Fleet.ppt</ref>. Tá deic ar an teile agus cábán ann a bhfuil díon cuar air. Tá an crann suite chun tosaigh agus seol air atá cosúil le seol lug. Tá staghanna le feiceail agus láinnéar cleithe le frídeoir.
 
Ar dhá léarscáil de Chúige Uladh le [[Francis Jobson (cairtghrafaí)|Francis Jobson]] a bhfuil an bhliain 1590 luaite leo, tá longa le feiceáil atá cosúil leis an gceann thuas. Ar cheann acu (IE TCD MS 1209/15: “ploated for her Ma[jesty] in anno 1590”) tá dhá long, ceann san iarthuaisceart agus ceann eile san oirthuaisceart.<ref>''The provence of Ulster'' (1590), TCD MS 1209/15, Trinity College Dublin: https://digitalcollections.tcd.ie/concern/works/z029p5325?locale=en#?c=0&m=0&s=0&cv=0&xywh=-4474%2C-358%2C15609%2C7146.</ref> Tá transam ard ag an gcéad cheann agus stiúir ceangailte de. Feictear cábán ar an tile, dhá chomhla ar gach taobh de agus comhla chúil, agus tosach géar ann atá ag gobadh amach thuas as deic measartha ard. Tá dhá chrann sa long, ceann mór atá suite tamall siar ó lár na loinge agus ceann níos ísle ar an deic thosaigh. Coirneog atá ar an gcrann mór agus stríoca ingearacha uirthi, agus seol laidineach ar an gcrann tosaigh. Tá rigín seasta (scriútaí agus cúlstaghanna, is dócha) ar gach taobh den chrann mór agus crannóg chruinn ar a bharr, crann bairr as sin suas agus bratach ar a bharr. Tá láinnéir chleithe ag rith ó bharr an chrainn bhairr síos go dtí frídeoirí agus dhá láinnéirín ar gach taobh á gceangal siúd le cinn na cleithe.
 
Is cosúil an dara long leis an gceann thuas maidir leis an transam, an stiúir, an tile agus an tosach starrach. Crann amháin atá inti, é suite tamall chun tosaigh agus seol air atá dealraitheach le seol púcáin. An chuma chéanna ar rigín seasta an chrainn mhóir, agus na láinnéir chleithe chéanna. Tá crannóg chruinn ar bharr an chrainn mhóir agus barrchrann ann a bhfuil bratach ar a bharr.