Bhí feidhm á baint as rámhlong na hÉireann (a dtugtar long fhada uirthi sna hannála) anuas go dtí an 17ú haois i gcúrsaí trádála agus cogaidh. Bhí sí dealraitheach le long fhada na hAlban: as an long fhada Lochlannach a fáisceadh iad beirt, cé gur tháinig athrú ar a cruth ina dhiaidh sin. Long chlinse ba ea í, crann seoil inti agus stiúir aici. Ba mhinic sé bhuille (i.e. sé rámh) dhéag aici agus bhí clú an luais uirthi. Toisc nach bhfuil teacht ar iarsmaí seandálaíochta caithfear eolas a bhailiú ó sheancháipéisí agus ó sheaníomhánna.

Dealramh na loinge cuir in eagar

Tá íomhánna long fada ar léarscáileanna Eilíseacha [1] agus tá fáil ar chuntais chomhaimseartha. Chomh maith leo sin tá íomhá shnoite mar chuid d'armas ar leac aolchloiche i Mainistir Oileán Chliara. Meastar go mbaineann sí siúd le tús an 17ú haois: tá "Terra et mari potens (i réim ar tír is ar muir) - Ó Máille" uirthi mar mhana. Íomhá shimplí atá inti agus taispeánann sé soitheach atá an-dealraitheach le longa a snoíodh ar leaca in Albain: long aon chrainn amháin, coirneog amháin aici agus roinnt buillí.

Tá difríocht, áfach, idir an íomhá seo agus íomhánna cairtghrafacha a rinneadh sa chuid deiridh den 16ú haois, rud a d’fhéadfadh tionchar tíortha eile a léiriú, ó bhíodh na longa seo ag trádáil idir Éirinn, an Spáinn agus an Phortaingéil.

Íomhánna cartagrafacha cuir in eagar

Tá cuid de na híomhánna de longa fada is áille agus is mionsonraithe le fáil ar léarscáil d’oirthear Uladh agus í déanta timpeall 1602.[2] Cóip de shaothar le Richard Bartlett í, murab é Bartlett féin a rinne í. Feictear longa ann a bhfuil cabhail fhada acu, transam ard agus stiúir. Tá tosach géar ag gobadh amach agus feictear cábán measartha ard ar an tile. Crann amháin atá sna longa seo agus crannóg in airde air. Seol mór stríocach triantánach (cosúil le seol lug) atá ar gach crann. Tá an gnáthrigín le feiceáil, idir sheasta agus reatha – staghanna, scriútaí, scóid agus tacaí, láinnéir shlaite agus láinnéir chleithe, frídeoirí agus láinnéiríní. Is cuid suntais iad na buillí, timpeall deich gcinn acu ar gach taobh agus iad ina líne amháin feadh an chuid is mó den chabhail. Longa iad atá ag teacht leis an gcuntas a thug na Sasanaigh orthu agus a lán fear le feiceáil iontu.

Longa den chineál céanna atá le feiceáil i léarscáileanna le Francis Jobson, cé nach bhfuil siad chomh mionsonraithe le híomhánna Bartlett. Tá siad simplí ach soiléir.

Ar dhá léarscáil de Chúige Uladh le Jobson a bhfuil an bhliain 1590 luaite leo, tá longa le feiceáil atá cosúil leis an gceann thuas. Ar cheann acu (“ploated for her Ma[jesty] in anno 1590”) tá dhá long, ceann san iarthuaisceart agus ceann eile san oirthuaisceart.[3] Tá an-chosúlacht idir na longa seo agus longa Bartlett maidir le tosach agus deireadh na long, an cábán agus an rigín. Tá dhá chrann chéad long, ceann mór atá suite tamall siar ó lár na loinge agus ceann níos ísle ar an deic thosaigh. Seol triantánach atá ar an gcrann mór agus seol laidineach ar an gcrann tosaigh. Crann amháin atá sa dara long. Ar an dara léarscáil tá trí long den chineál úd le feiceáil, agus iad an-chosúil ar gach slí leis na longa sa chéad léarscáil.[4]

Ar léarscáil eile de Chúige Uladh a rinne Jobson in 1598 feictear trí long fhada den chineál céanna. Tá crann tosaigh in dhá cheann acu agus slat chlaonta air a d’oirfeadh do sheol laidineach. Tá barrsheol ar an gcrann mór ag ceann de na longa.[5]

Maidir le cruinneas na léaráidí, tá siad chomh mionsonraithe le léaráidí longa Shasana sna léarscáileanna céanna, agus is léir go bhfuil difríocht shuntasach idir an dá shaghas long. Bhí rámhlonga an-ghann i gcabhlach Eilís I, agus ní dócha, mar sin, gur soithí Sasanacha atá i gceist anseo.[6]

 
Bírlinn nó long shnoite ar leac de chuid an 16ú haois i Séipéal MhicDhuibhsíthe ar Oileán Oronsaigh, mar a greanadh í sa bhliain 1772.

Más tionchar eachtrannach is cúis leis an gcuma atá ar na longa úd, b'fhèidir go bhfuil a rian le feiceáil ar longa fada na hAlban freisin. Taispeánn léarscáil Bartlett "fleetes of the Redshanks [ceithearnaigh Albanacha] of Cantyre" agus gan aon difriocht idir iad agus longa na hÉireann. Tá dhá shéala ann de chuid mhuintir MhicDhòmhnuill atá nasctha le cáipéisí de chuid na bliana 1572 agus a thaispeánann long Albanach le deic thosaigh agus dheiridh, rud atá le feiceáil freisin ar shuaitheantais eile.[7] Más léiriú cruinn an méid sin thabharfadh sé le fios gur fhág oirdheisceart na hEorpa a rian ar chruth longa na hÉireann agus na hAlban roimh an mbliain 1600.

Longthógáil cuir in eagar

Tá leid le fáil faoi dhéanamh na rámhlong ón eolas atá againn ar longa na Lochlannach agus na nAlbanach.

Dhéanadh na saoir Lochlannacha an chíle a cheangal de na poist tosaigh agus deiridh le scarbhailt. Cheanglaítí stráicí clinse na cabhlach ar dhroim na cíle agus tairní iarainn á n-úsáid chuige. Cheanglaítí easnacha comhchruthacha de na stráicí le cordaí nó duail. Chuirtí trasnán caol nó tochta anuas ar an gcuid is mó de na heasnacha. Chuirtí crann sa cheap treo i lár na loinge nó in aice leis agus leagfaí rámha isteach. Ba ghnách rámh stiúrtha a úsáid.[8] Bheadh eangaí sna poist a d'oirfeadh do cheann na gclár, glúine faoi na tochtaí lena gceangal de na stráicí, agus maidí ag nascadh bharr na n-easnacha.[9]

Is dócha go raibh an chuma chéanna ar rámhlonga na hÉireann: í ina soitheach clinse a thógtaí de réir ghnáthnosanna tógála iarthuaisceart na hEorpa, ar nós na loinge Albanaí.[10]

Rigín cuir in eagar

Tá fianaise le fáil ar ghnáthrigín long fhada na hAlban ó íomhánna ar leaca in Inse Ghalll agus dealramh aige le rigín Lochlannach. Láinnéir, staghanna tosaigh agus deiridh, scriútaí, háilléar agus fáinne gafail atá i gceist, agus is dócha go mbaintí feidhm as téada súgáin. Bhíodh crann i lár na loinge agus coirneog air a bheadh déanta as olann thiubh.[11] B'fhéidir go mbaintí feidhm as sparra lochlannach ("beitass") in áit scód coirneoige chun leithead tosaigh an tseoil a choinneáil teann.[12] Cuireann íomhánna Eilíseacha in iúl gurbh í an chuma chéanna, a bheag nó a mhór, a bhí ar rigín na loinge Éireannaí.

Úsáid na loinge cuir in eagar

 
Caisleán Charraig an Chabhlaigh – daingean de chuid na Máilleach cois farraige.

Déanann Annála Ríochta Éireann tagairt do chabhlaigh agus baint ag an scéal le hAlbain go minic. Sa bhliain 1413 bhí Tuathal Ó Máille ag filleadh a bhaile ó Chúige Uladh le seacht long nuair a rug “anfadh na mara” orthu. Fuadaíodh iad ó thuaidh i dtreo na hAlban, agus Tuathal amháin a tháinig slán.[13] Sa bhliain 1433 feicimid Mac Domhnaill na hAlban ag teacht aduaidh “co c-cobhlach mór” chun cuidiú le hEoghan Ó Néill – cuairt chogaidh a tharla go minic.[14]

Muintir Mháille agus muintir Fhlaitheartaigh, tiarnaí Iar-Chonnacht, is mó a bhaineadh tairbhe as na longa, iad ag creachadh ceantair eile nó ag tabhairt ceithearnaigh tiarnaí eile leo ó áit go háit. Tá léiriú ar úsáid na long i ruathair le fáil in iontráil in Annála Ríochta Éireann (1513):

Eoghan Ó Máille do theacht [le] lucht trí long go Cuan na gCeall mBeag san oíche agus maithe na tíre an tan sin ar éirí amach i bhfarradh Uí Dhomhaill. D’arg agus loisc an baile agus ghabh braighdeanaigh iomaí ann. Rug doineann orthu gurbh éigean dóibh fanúint in imeall na tíre. D’adhain siad tinte agus trilseáin i bhfogas a long. Rug macaomh óg aíoch de Chlainn Shuibhne orthu .i. Brian agus clann Bhriain mhic an Easpaig Uí Ghallchobhair, agus buíon scológ agus bachlach, agus d’ionsaigh iad go dea-mhisnigh, agus marbhtar leo Eoghan Ó Máille agus cúig fhichid nó a sé maille leis, agus baintear dhá loing díobh, agus na braighdeanaigh do gabhadh trí mhíorúiltí Dé agus Chaitríona sa bhaile do sháraíodar.[15]

Sa 16ú haois thug na Sasanaigh tréaniarracht ar iad a shárú lena gcuid long féin.[16] I Mí na Nollag 1559 scríobhadh an méid a leanas i bPáipéir Stáit Shasana:

There are three very good galleys with Tibbot ne Longe, sone to Grany O’Malley, his brother and O’Malley that will carry 300 men apiece. These, if employed by Her Majesty, would do much good in the north, and the O’Malleys are much feared everywhere by sea. There are no galleys in Ireland but these.[17]

Sna longa seo a easportáiltí iasc salannaithe agus picil, línéadach, olann, seithí agus geir. Thugaidís copar, síoda, fíon, figí, pomagrainítí, cainéal, cuimín agus cróch ón bPortaingéal agus ón Spáinn.[18]

Ba í Gráinne Ní Mháille an tiarna ba mhó cáil agus scríobh an Ridire Richard Bingham, Gobharnóir Chonnacht, sa bhliain 1591 go raibh fiche long aici,[19] cé nach cinnte go mbeadh an méid sin ina seilbh de ghnáth agus timpistí mara curtha san áireamh. Ba mhór an trádálaí í, rud ba dhual athar di.[20]

Deir Páipéir Stáit Shasana (1599) go bhfuil trí long an-mhaithe ag Tiobóid na Long (mac le Gráinne Ní Mháille) agus iad in ann 300 fear a iompar faoi seach.[21] Tugann seo le fios go raibh tathag agus toirt i gcuid de na longa seo. Is dócha, áfach, nach raibh a bhformhór rómhór agus go bhféadfadh gunnaí móra iad a bhriseadh, cé go mbeidís in ann iad féin a chosaint ar shoithí eile dá dtoirt.[22]

Mhol filí na scol muintir Mháille as an mbaint a bhí acu leis an muir:

Leomhain an oirir uaine
eolaigh oirir na Spáinne
ag buain chruidh do Cheann Tíre
gearr míle ar muir d'íbh Máille[23]

Intaofacht na fianaise cartagrafaí cuir in eagar

Bhí Francis Jobson ar an lucht déanta léarscáileanna ba sheanchleachtaí in Éirinn agus an-eolas aige ar an tír. B’fhada é obair i gCúige Mumhan[24][25] agus dúirt sé féin gur chuir sé féin i mbaol ag déanamh léarscáileanna i gCuige Uladh.[26] Ó láimh Jobson agus a leithéidí a tháinig cuid de na híomhánna is suimiúla den rámhlong. Íomhánna iad atá ag teacht go maith leis an eolas atá ar fáil ó fhoinsí eile ar rigín, ar sheol agus ar chabhail na long Éireannach agus longa Shasana féin.

Nótaí cuir in eagar

  1. http://news.bbc.co.uk/today/hi/today/newsid_8307000/8307233.stm.
  2. Richard Bartlett, ‘East Part of Ulster,’ (British) National Maritime Museum: https://collections.rmg.co.uk/collections/objects/541705.html
  3. The provence of Ulster (1590), TCD MS 1209/15, Trinity College Dublin: https://digitalcollections.tcd.ie/concern/works/z029p5325?locale=en#?c=0&m=0&s=0&cv=0&xywh=-4474%2C-358%2C15609%2C7146.
  4. Tá an léarscáil seo sa chnuasach céanna i gColáiste na Tríonóide: https://digitalcollections.tcd.ie/concern/works/0r967437z?locale=en#?c=0&m=0&s=0&cv=0&xywh=-485%2C10%2C9517%2C7146.
  5. Léarscáil Chúige Uladh, Francis Jobson: Cotton Collection, Augustus I.ii.19, British Library: http://searcharchives.bl.uk/primo_library/libweb/action/search.do;jsessionid=C339566D168AFA23E8A58F07987FCB0C?dscnt=1&dstmp=1610888133333&vid=IAMS_VU2&fromLogin=true[nasc briste go buan].
  6. Tom Glasgow, Jnr. “Oared vessels in the Elizabethan navy,” The Mariner’s Mirror, Volume 52, 1966 – Issue 4, lgh 371-377. “The interest manifested in oar-sail-propelled vessels in the reign of Henry VIII was conspicuously lacking during the reign of Elizabeth I.” Fuair Eilís dhá rámhlong le hoidhreacht ach níor mhair siad i bhfad. Níl cuntas againn ach ar chúpla rámhlong eile. Féach freisin Loades, David M. (2009), The Making of the Elizabethan Navy, 1540-1590: From the Solent to the Armada. Boydell Press. ISBN 978-1-84-383492-2
  7. Rixson (1988)
  8. Greenhill (1976), lch 234
  9. ibid. lgh 219-220
  10. Rixson (1998), lch 138
  11. ibid. lgh 158-159
  12. Greenhill (1976), lch 213
  13. http://www.ucc.ie/celt/published/G100005D/index.html M1413.3: Tuathal Ó Máille do dhul ar congmháil h-i c-cúicceadh Uladh, & a beith bliadhain innte & ag soadh dia thigh lucht secht long im fhél Cholaim Chille, ro éirigh anfadh na mara thiar dhóibh, & ro fuadaigheadh iad lamh dheas ré h-Albain gur ro báidheadh sé longa cona f-fóirnib díbh-sidhe im dhá mhac Tuathail Uí Mháille, im Dhonnchadh mac Eoghain Connachtaigh Mec Suibhne, im Dhomhnall Bhallach mac Mec Suibhne Girr, & dá fichit ar dhá chéd immaille friú, & Tuathal féin do thecht i t-tir ar eigin i n-Albain.
  14. http://www.ucc.ie/celt/published/G100005D/index.html M1433.1: Coccadh mór eitir Chenél c-Conaill & Eoghain. Ua Domhnaill, Niall Garbh mac Toirrdhealbhaigh an Fhíona cona shochraide do dhul isin Duibh-trian do chongnamh lá Mac Uidhilín. Ua Néill .i. Eoghan do dhul sluagh mor i l- lenmain Ui Domnaill, & Mic Uidhlín. Tainic dna Mac Domhnaill na h-Alban co c-cobhlach mór h-i c-comhdail Uí Neill do chongnamh lais. Do-chóidhset na h-Albanaigh fo chaoruighecht Mic Uidhilín & Roiberd Sabhaoís go rabhsat for a c-comas, & tuacadar ár dearmhair & díth daoine for Mac Uidhilín & for Roiberd, & a t-tearna dia muintir as an Duibh-trian torchrattar uile d'urmhór ag fersait an Chaisléin Nui.
  15. Annála Ríochta Éireann, M1513.6: Eóghan Ua Máille do thecht lucht tri long go Cuan na c-Ceall m-Becc isin oidhce, & maithe an tíre an tan-sin ar éirghe amach i f-farradh Uí Domhnaill. Airccit, & loisccit an baile, & gabhait braighde iomdha ann. Rucc doinenn forra gur bho h-eiccen dóibh anamhain i n-imeal an tíre. Do-níad teinnte, & tendála i n-imfoccus a long. Rucc macaemh ócc aídedhach do Cloinn t-Suibne forra .i.Brian & clann Briain mic an Easpaic Uí Ghallcubhair, & buidhen scolócc & bachlach, & ionnsaighitt iad co deighmheisnigh, & marbhthar leó Eoghan Ó Máille & cuicc fhichit nó a se amaille fris, & bentar dá luing diobh, & na braighde ro ghabhsat tré mhiorbhuilibh Dé & Caiterióna isa baile ro sháraighsiot.:http://www.ucc.ie/celt/published/G100005E/index.html
  16. Rixson, lch 42
  17. Ireland in Schools: 'Grace O’Malley, Granuaile: Chieftain, trader, pirate: ships’: www.iisresource.org/Documents/0A4_Grace_Fleet.ppt
  18. Ireland in Schools: ‘Grace O’Malley, Granuaile: Chieftain, trader, pirate: ships’: www.iisresource.org/Documents/0A4_Grace_Fleet.ppt
  19. Rixson (1998), lch 44
  20. 1593 Petition of Gráinne Ní Mháille to Queen Elizabeth, State Papers Relating to Ireland (micreascannán in Oifig na dTaifead Poiblí i Londain) SP 63/171/18
  21. Chambers (1998), lch 24, ó Knox H.T. (1908), History of the County Mayo, Dublin, lch 250.
  22. Féach Rixson (1998), lch 50: cuntas Chaptaen Plessington an Tramontana, long chogaidh Shasanach, ar long fhada a ghabh sé idir Teileann agus na Cealla Beaga, Mí Iúil 1601: Not withstanding she rowed with thirty oars and had on board ready to defend her a hundred good shots which entertained a skirmish with my boat for most of an hour and had put her to the worst. Coming up with my ship to the rescue, I quickly, with my great shot made an end to the fray. This galley comes out of Connaught and belongs to Grany O’Malley whereof a base son of hers is captain.
  23. Chambers, lch 18, ó Revue Celtique, iml. XLIX, lch 74
  24. http://www.ucc.ie/celt/published/E580000-001/text004.html Introduction to the Desmond Surveys, lgh 32-33.
  25. Sarah Tyacke, “Introduction,” in Sarah Tyacke, (eag.) English Map-Making 1500-1600 (British Library 1983), lgh 20-21. Luaite in Smith, Donald Kimball (2008). Cartographic Imagination in Early Modern England: Rewriting the World in Marlowe, Spenser, Raleigh and Marvell. Ashgate Publishing Company. ISBN 978-0-7546-5620-3
  26. Rinne sé tagairt don ‘most savage and rebellious people from whose cruelty God only by his divine power delivered me being every hour in danger to lose my head’: http://www.bbc.co.uk/ulsterscots/library/a-narrow-sea-episode-22 Dr Jonathon Bardon: ‘Making Ulster Visible’.

Tagairtí cuir in eagar

  • Chambers, Anne (1998). Granuaile: The Life and Times of Grace O'Malley c. 1550 - 1603. Wolfhound Press. ISBN 0-86327-631-8
  • Greenhill, Basil (eag.) (1976). Archaeology of the Boat: A new introductory study . Adam and Charles Black, London ISBN 0-7136-1645-8

Naisc cuir in eagar

Gluais de théarmaí seoltóireachta

Curach

Gaileon

Coga