Long fhada
Soitheach a d'úsáid na hUiginnigh ar a n-aistir taiscéalaithe, slada is gabhála ab ea an long fhada. Rianaíonn an longfhada is luaithe a fuarthas ó pleancanna siar go c. 350 RC. Bhí na cinn ab fhaide 45 m ar fhad, déanta as cláir fhorluiteacha adhmaid (scairdhéanta), an-láidir, agus tiomáinte ag maidí rámha is seolta. Mar gheall ar keel comhréidh, d’fhéadfaidís taisteal ar muir agus in aibhneacha éadomhain.[1] D'iompair siad 30-40 fear de ghnáth, ach bhí spás dá thuilleadh (don chreach is na príosúnaigh). Uaireanta, bhí soithigh níos mó acu a bhí in ann a dhá oiread sin a iompar.[2]
Féach freisin
cuir in eagar
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "VIKING SHIPS AND THE SEA" (as en) (2008-10-31). Routledge. doi: .
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Long fhada". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 418.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |