An difríocht idir athruithe ar: "Rámhlong na hÉireann"
Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí) |
Colin Ryan (plé | dréachtaí) No edit summary |
||
Líne 1:
Bhí feidhm á baint as '''rámhlong na hÉireann''' (
== Dealramh na loinge ==
Líne 8:
=== Íomhánna cairteagrafacha ===
Taispeánann íomhá ar léarscáil de chuid na bliana 1567 long ocht mbuille le deireadh cruinn agus tosach fada gobach.<ref>Ireland in Schools: ‘Grace O’Malley, Granuaile: Chieftain, trader, pirate: ships’: www.iisresource.org/Documents/0A4_Grace_Fleet.ppt</ref>. Tá deic ar an
Ar dhá léarscáil de Chúige Uladh le [[Francis Jobson (cairtghrafaí)|Francis Jobson]] a bhfuil an bhliain 1590 luaite leo, tá longa le feiceáil atá cosúil leis an gceann thuas. Ar cheann acu (“ploated for her Ma[jesty] in anno 1590”) tá dhá long, ceann san iarthuaisceart agus ceann eile san oirthuaisceart.<ref>''The provence of Ulster'' (1590), TCD MS 1209/15, Trinity College Dublin: https://digitalcollections.tcd.ie/concern/works/z029p5325?locale=en#?c=0&m=0&s=0&cv=0&xywh=-4474%2C-358%2C15609%2C7146.</ref> Tá transam ard ag an gcéad cheann agus stiúir ceangailte de. Feictear cábán ar an tile, dhá chomhla ar gach taobh de agus comhla chúil, agus tosach géar ann atá ag gobadh amach thuas as deic measartha ard. Tá dhá chrann sa long, ceann mór atá suite tamall siar ó lár na loinge agus ceann níos ísle ar an deic thosaigh. Coirneog atá ar an gcrann mór agus stríoca ingearacha uirthi, agus seol laidineach ar an gcrann tosaigh. Tá rigín seasta (scriútaí agus cúlstaghanna, is dócha) ar gach taobh den chrann mór agus crannóg chruinn ar a bharr, crann bairr as sin suas agus bratach ar a bharr. Tá láinnéir chleithe ag rith ó bharr an chrainn bhairr síos go dtí frídeoirí agus dhá láinnéirín ar gach taobh á gceangal siúd le cinn na cleithe.
|