Gabhann go leor ciontóirí ar ais ar an gcoiriúlacht agus atitimeachas a thugtar ar an aisiompú sin.

Atitimeachas sna Stáit Aontaithe

Tá atitimeachas ar cheann de na coincheapa is bunúsaí i gceartas coiriúil.[1] Tagraíonn sé d’athiompú an duine go hiompraíocht choiriúil tar éis smachtbhanna Cúirte a fháil nó do thabhairt faoi idirghabháil as coir a rinneadh roimhe sin. Chun éifeachtacht ár n-idirghabhálacha a thaispeáint, ní mór dúinn na rátaí atitimeachais i measc daoine a chuirtear faoinár maoirseacht a thomhas.

Titimeachas in Éirinn cuir in eagar

47% ab ea an ráta athchiontaithe acu siúd a gearradh tréimhse promhaidh orthu i 2012 in Éirinn. Rinne móramh 63.1% de na daoine seo cion arís faoi cheann 12 mhí ó dháta tosaigh a n-orduithe promhaidh.[2]

D'fhoilsigh Príomh-Oifig Staidrimh do Sheirbhísí Príosúin agus Promhaidh na hÉireann Staidéar ar Atitimeachas i mí na Nollag 2015.[3] Déantar tuairisciú ar atitimeachas i measc 7,507 gciontóir a scaoil Seirbhís Phríosúin na hÉireann saor tar éis dóibh pianbhreith choimeádta a chur isteach sa bhliain 2009 agus bhí sé sin bunaithe ar shonraí faoi athdhéanamh cionta agus faoi athchiontú suas go dtí deireadh na bliana 2012.

Tuairiscítear nach ndearna beagnach 63% de na ciontóirí cion arís laistigh de thréimhse trí bliana ón tráth ar cuireadh faoi mhaoirseacht na Seirbhíse Promhaidh iad. Bhí na rátaí athdhéanta cionta níos ísle i measc ban agus ní dhearna beagnach 70% de chiontóirí baineanna cion arís sa tréimhse lena mbaineann.

Taighde cuir in eagar

 
Atitimeachas sna Stáit Aontaithe , 2005-2010

D'fhoilsigh An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais in Éirinn tuarascáil sa bhliain 2020 ina ndéantar athbhreithniú ar thaighde[4] de chuid na hEorpa, arna foilsiú i mBéarla idir 1990 agus 2019 maidir leis na rudaí a mbíonn tionchar acu ar an atitimeachas, na cineálacha beartais phoiblí atá ann le dul i ngleic leis ,agus cé chomh éifeachtach atá gach ceann acu.[5]

Tagairtí cuir in eagar

  1. probation.ie. "Tuarascáil Bhliantúil, 2014". Dáta rochtana: 2020.
  2. "Preasráiteas: Atitimeachas Promhaidh 2011-2012 - CSO - Central Statistics Office" (en). www.cso.ie. Dáta rochtana: 2020-05-28.
  3. justice.ie. "Ag Obair chun Éire Shábháilte Chóir a bhaint amach". Dáta rochtana: 2020.
  4. The Department of Justice and Equality. "Research Reports" (en). The Department of Justice and Equality. Dáta rochtana: 2020-05-28.
  5. "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-05-28.