Pádraic Breathnach

scríbhneoir Éireannach (r.1942)

Scríbhneoir Éireannach, gearrscéalaí agus aistritheoir is ea Pádraic Breathnach.

Infotaula de personaPádraic Breathnach
Beathaisnéis
Breith12 Iúil 1942
81 bliana d'aois
Maigh Cuilinn, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Saol cuir in eagar

Rugadh Breathnach i gCoill Bruachlán, Maigh Cuilinn, Contae na Gaillimhe sa bhliain 1942.[1] Fuair sé a chuid oideachais i gColáiste Mhuire, Gaillimh agus i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh. D'éirigh leis sé céim sa Ghaeilge agus sa Stair agus MA sa Ghaeilge agus Ard-Teastas san Oideachas a bhaint amch. Chaith sé seal mar oide scoile. Sa bhliain 1969 ghlac sé post mar Léachtóir le Gaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál i Luimneach. Sa bhliain 1992, bhronn an Foras Gael-Mheiriceánach Duais an Bhuitléaraigh air.

Aistriúcháin cuir in eagar

D'aistrigh Gabriel Rosenstock cuid dá ghearrscéalta go Béarla (The March hare and other stories, Cló Iar-Chonnachta, 1994). Aistríodh ceithre dá shaothair ghearrscéaltaíochta go Béarla sa leabhar Fourfront (Cló Iar-Chonnachta, 1998) agus tá saothair leis aistrithe go hAlbáinis, Rómáinis, Cróitis, Polainnis freisin.

Saothar cuir in eagar

Gearrscéalta cuir in eagar

  • Ingne Dearga Dheaideo (Cló Iar-Chonnachta, 2005)
  • An Pincín agus scéalta eile (Cló Iar-Chonnachta, 1996)
  • Íosla agus scéalta eile (Clódhanna, 1992)
  • Taomanna (Cló Iar-Chonnachta, 1990)
  • Ar na tamhnacha (Clódhanna Teo., 1988)
  • Lilí agus fraoch (Clódhanna Teo., 1983)
  • Na déithe luachmhara deiridh (Clódhanna Teo., 1980)
  • An lánúin agus scéalta eile (Foilseacháin Náisiúnta Teoranta, 1979)
  • Buicéad poitín agus scéalta eile (Clódhanna Teo., 1978)
  • Bean aonair agus scéalta eile (Clódhanna Teo., 1974 athchló 1984)

Úrscéalta cuir in eagar

  • As na Cúlacha (Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta, 1998)
  • Gróga cloch (Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta, 1990)

Eagarthóireacht cuir in eagar

  • Bróga páipéir agus stocaí bainne ramhair (Cló Iar-Chonnachta, 2007)

Aistriúcháin cuir in eagar

  • The March Hare and other stories (Cló Iar-Chonnachta, 1994) le Gabriel Rosenstock

Taighde cuir in eagar

  • Maigh Cuilinn: a tásc is a tuairisc (Cló Chonamara, 1986)
  • Nótaí ar 'Dúil', le Liam Ó Flaithearta (Mercier, 1970)

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-11-19. Dáta rochtana: 2009-07-25.