Is éard is táinrith na dtarbh (Spáinnis: encierro, ón bhriathar encerrar ‘cuir i loca’; Ocsatáinis: abrivado, go litriúil ‘deifir, móiminteam’; Catalóinis: bous al carrer ‘tairbh sa tsráid’, nó correbous ‘reathaí tairbh’) ann ná imeacht ina ritheann daoine os comhair grúpa beag tarbh, go hiondúil sé cinn[1] ach uaireanta deich gcinn nó níos mó, a scaoiltear ar shráideanna dúnta i mbaile,[1] de ghnáth mar chuid d’fhéile samhraidh. Is minic gur fearr pórtha eallaigh ar leith sna himeachtaí seo, mar shampla an toro bravo sa Spáinn,[1] pór a úsáidtear go minic freisin i dtarbhchomhrac i ndiaidh an táinreatha, nó eallach Camargue sa Fhrainc Ocsatánach, nach n-úsáidtear i dtarbhchomhrac. Go hiondúil úsáidtear tairbh (eallach fireann neamhchoillte) in imeachtaí den sórt seo.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtTáinrith na dtarbh
Íomhá
Suíomhan Spáinn, An Spáinn
Meiriceá Laidineach
an Fhrainc, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Táinrith na dtarbh in Pamplona na Spáinne

Is é an encierro in Pamplona na Spáinne an táinrith is cáiliúla ar domhan. Reáchtáiltear é le linn fhéile Sanfermines, idir 6 Iúil agus 14 Iúil gach samhradh.[2] Is imeacht mór turasóireachta é anois, an-difriúil ón fhéile thraidisiúnta a bhíodh ann. Bíonn imeachtaí níos traidisiúnta ar siúl i mbailte agus i sráidbhailte trasna na Spáinne agus na Portaingéile, i gcathracha áirithe i Meicsiceo,[3] agus sa réigiún Ocsatánach (Camargue) i ndeisceart na Fraince.

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 Fiske-Harrison, Alexander (eag.) The Bulls Of Pamplona, Mephisto Press, 2018
  2. Sanfermin guide: Running of the bulls”. Kukuxumusu (2007). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 5 Bealtaine 2008. Dáta rochtana: 21 Iúil 2008.
  3. "Bull-run hits liquor-fueled town", 2 Feabhra 2009. "The tradition, enacted in a handful of Mexican towns, traces its roots back to the centuries-old Pamplona bull-run in Mexico's former colonial power." Retrieved 4 Márta 2009.