Is cuideachta ollmhór sruthúcháin é Spotify, a bunaíodh sa tSualainn sa bhliain 2006.

Bosca Sonraí EagraíochtaSpotify
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálseirbhís sruthaithe ceoil
aip shoghluaiste
comhphobal ar líne
ríomhchlár
podcast directory (en) Aistrigh
branda Cuir in eagar ar Wikidata
Réimse oibreseirbhís ar líne, ceol agus tionscal an cheoil Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh2006, Stócólm Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaitheoir(í)Daniel Ek agus Martin Lorentzon Cuir in eagar ar Wikidata
OibreoirSpotify (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinspotify.com Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: Spotify Twitter: Spotify Instagram: spotify Youtube: UCRMqQWxCWE0VMvtUElm-rEA Youtube: Spotify TikTok: spotify Spotify: 5UUG83KSlqPhrBssrducWV Cuir in eagar ar Wikidata
Daniel Ek, 2011

Seirbhís cuir in eagar

Cártaí réamhíocaíochta, 2019
infhaighteacht, 2012

Ligeann Spotify don úsáideoir éisteacht le beagnach aon stéibh ceoil a taifeadadh riamh.[1] Ligeann Spotify agus seirbhísí cosúil leis do dhuine seinnliostaí a chruthú agus a mhalartú le cairde..[2] Baineann Spotify úsáid as algartam uilechumhachtach chun ceol nua a mholadh duit, bunaithe ar cheol ar éist tú leis cheana.[3]

Tá an tseirbhís ar fáil saor in aisce ach bíonn fógraí ag gabháil leis an rogha seo (saorimirt nó 'freemium'). Má íocann daoine síntiús, tá an tseirbhís le fáil céanna gan fógraí.

De réir an CMT (Ceisteanne minic a thig) tá neart ceoil nach bhfuil ar fáil uathu, toisc nach bhfuil ceadúnas faighte acu don cheol sin.

Tá an API curtha ar fáil ag Spotify a ligeann do fhorbróirí feidhmchláiríní a chruthú don ardán seo, mar shampla Last.fm, Moodagent, Musixmatch agus ReebokFitlist, a ligeann don domhan uilig aithne a chur ar cheol ar bhealaí éagsúla. Seolann bannaí agus ceoltóirí feidhmchláiríní chomh maith a ligeann d’úsáideoirí breis eolais agus íomhánna a fháil.[1]

Stair cuir in eagar

Bhunaigh Daniel Ek and Martin Lorentzon an tseirbhís ar 23 Aibreán 2006. Bhí cúpla sheirbhísí eile cosúil leis ag an am (mar shampla Pandora, Grooveshark, agus iTunes). Osclaíodh an tseirbhís fóin mhóibíligh sa bhliain 2010 agus tháinig borradh mór faoi Spotify ar fud an domhain.

In 2013, bhí 20% dá 3 milliún úsáideoir sna Stáit Aontaithe ag íoc as an tseirbhís, agus bhí 84% d’ioncam reatha Spotify ag teacht ó na síntiúsóirí de réir Digital Music News. Ag an am sin, d'íoc Spotify trí oiread d’úinéireacht chearta an cheoil nuair a éisteann úsáideoir Premium leis, thar mar a íocann siad as éisteacht an ghnáthúsáideora.[1]

I mí na Nollag 2023, dúirt Spotify go raibh 1,500 duine - 17% den mheitheal iomlán - le ligean chun siúil acu (tar éis dóibh scaoileadh chun bealaigh le 600 ball foirne mí Eanáir agus 200 mí an Mheithimh 2203) Is ar mhaithe le costais a ghearradh. I litir a scríobh sé [1]chuig an meitheal dúirt príomhfheidhmeannach Spotify Daniel Ek gur fhostaigh an chuideachta breis daoine i 2020 agus 2021, nuair a bhí costas ní ba ísle ar chaipiteal. Dúirt Spotify gur caillteanas a bhí rompu sa gceathrú ráithe in áit an bhrabúis a raibh súil leis.[4]

Ghearr mórchuid cuideachtaí teicneolaíochta postanna le linn 2023.

Spotify in Éirinn cuir in eagar

Seoladh an tseirbhís Spotify in Éirinn ag deireadh 2012.[1]

I mí Dheireadh Fómhair 2022 d'fhógair Spotify go raibh Kinzen - cuideachta lonnaithe in Éirinn - ceannaithe acu le cuidiú leo ábhar díobhálach a aithint ar an ardán. B’iad Mark Little agus Áine Kerr a bhunaigh Kinzen.[4]

Gaeilge cuir in eagar

Craoladh in 2020 aistriúchán Gaeilge de The Nobody Zone ar Spotify, podchraoladh faoi choirscéal fírinneach a rinne RTÉ i gcomhar leis an chomhlacht Third Ear sa Danmhairg.[5]

Sa bhliain 2023, bhí an chéad phodchraoladh Gaeilge faoi choirscéalta fírinneacha ar fáil ar Spotify, "Marú inár Measc".[5]

Conspóidí cuir in eagar

De réir tuairisc foilsithe ag Informationisbeautiful.net, le go mbeadh grúpa de cheathrar ceoltóirí in ann slí bheatha a bhaint amach a bheadh cothrom le duine atá fostaithe go lánaimseartha ag ráta íosphá na Stát Aontaithe (€6.34/uair in 2015), is gá go ndéanfaí sruthú ar phíosa ceoil dá gcuid tuairim agus 63 milliún uair in aghaidh na bliana. Ní tharlóidh sin ach i gcás fíorbheagán grúpaí ceoil a bhfuil cumhacht bolscaireachta na mórchomhlachtaí sna seolta acu.[6]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 Roseanne Smith (Eanáir 2013). "Níl Aon Néal ar Spotify" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2023-12-04.
  2. Alex Hijmans (2017-12-02). "Léitear gearrscéalta san ord inar cuireadh i gcló iad!" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-12-04.
  3. Alex Hijmans (2018-09-29). "Cuireann ‘Spotify’ cuimhní saoil an scríbhneora as a riocht" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-12-04.
  4. 4.0 4.1 Nuacht RTÉ (2023-12-04). "Spotify ag gearradh 1,500 post - an 3ú ciorrú i mbliana" (as ga-IE). 
  5. 5.0 5.1 Méabh Ní Thuathaláin (16 Márta 2023). "An chéad phodchraoladh a rinneadh i nGaeilge faoi choirscéalta fírinneacha ag teacht" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-12-04.
  6. Ben Ó Faoláin (2015-03-31). "Of Lovers, Gamblers And Parachutes" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2023-12-04.