Steiré-isiméireacht
Más ionann struchtúr an dá mhóilín mar a bhreactar síos ar pháipéar é, is féidir dóibh bheith difriúil ó thaobh an struchtúir thríthoisigh de.[1][2] Tugtar steiré-isiméireacht air seo. Sna heanantaiméirí tá dhá mhóilín againn agus iad ina scátháin scáile dá chéile. Is féidir, áfach, do dhá mhóilín bheith ina steiré-isiméirí cé nach bhfuil siad ina n-eanantaiméirí. Ansin, tugtar diaisteiré-isiméirí orthu.
Ní mór an steiré-isiméireacht a dhealú ón gconformáil. Is éard atá i gceist leis an gconformáil ná an dóigh a bhfuil an móilín "camtha" faoi láthair, agus is féidir don mhóilín chéanna dul ó chonformáil go conformáil go furasta. Tá sé i bhfad níos deacra na steiré-isiméirí a chlaochlú go steiré-isiméirí eile.
An Steiré-Isiméireacht agus an Isiméireacht Struchtúrach i gComparáid
cuir in eagarBíonn na hisiméirí struchtúracha difriúil ó thaobh na ceimice de. Mar shampla, is féidir linn comhdhúile isiméireacha a chruthú nach ionann na feidhmghrúpaí iontu, cé gurb ionann líon na n-adamh is na ndúl iontu. Cuir i gcás, is é an feidhmghrúpa -COOH, an carbocsailghrúpa, a dhéanann aigéad carbocsaileach den chomhdhúil orgánach. Tá an feidhmghrúpa sin comhdhéanta as an gcarbóinilghrúpa -CO- agus as an hiodracsalghrúpa -OH. Má tá comhdhúil againn ina bhfuil an dá ghrúpa seo suite ar thaobhanna éagsúla den tslabhra fhada d'adaimh charbóin, níl sí féin ina haigéad carbocsaileach, ach is léir go bhfuil isiméirí aici ar aigéid charbocsaileacha iad.