Sa cheimic, is éard atá i gceist leis an gconformáil ná eagar na n-adamh i móilín i leith na n-adamh siúd nach bhfuil nasctha go díreach leo. Mar shampla, i struchtúr dé-theitrihéadrach an eatáin, C2H6 nó H3C-CH3, is iad na CH3anna an dá theitrihéadrán, agus is féidir an nasc singil C-C eatarthu a rothlú ionas gur féidir faid éagsúla a bheith idir na hadaimh H ar theitrihéadrán amháin agus na cinn ar an teitrihéadrón eile. Mar sin, féadfaidh an iliomad conformáil a bheith ag eatán.

Conformáil

I móilín an chioglaiheacsáin, arís, is féidir trí chonformáil a aithint, mar atá, conformáil na cathaoireach, conformáil an bháid, agus conformáil an bháid chasta. Is í an chathaoir an chonformáil is cobhsaí. Sa chonformáil seo tá ceithre adamh an mhóilín in aon leibhéal le chéile, an cúigiú adamh ar aon taobh den leibhéal seo, agus an séú ceann ar an taobh eile, ionas go bhfuil an dá adamh sin chomh fada ó chéile agus is féidir. Sa bhád tá an dá adamh sin ar aon taobh den leibhéal, agus is í an chonformáil seo is éagobhsaí - le teocht an tseomra níl ach 0.1 % de mhóilíní an chioglaiheacsáin sa chonformáil seo in aon phointe ama. Maidir leis an mbád casta, is conformáil é ina bhfuil an cheithre adamh eile lúbtha as a riocht, ionas nach bhfuil siad in aon leibhéal le chéile.[1]

  1. Hussey, Matt (2011). "Conformáil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 168.