Stephen Clements

DJ Raidió

Ba DJ Raidió agus láithreoir teilifíse i gCúige Uladh é Stephen Clements (17 Nollaig 1972 - 6 Eanáir 2020). Is fearr aithne air as an Q Breakfast Show a óstáil ar Q Radio ar feadh 7 mbliana go dtí Mí an Mheithimh 2019, agus The Stephen Clements Show ar BBC Raidió Uladh ó Mhí Mheán Fómhair 2019 go dtí a bhás.

Infotaula de personaStephen Clements
Beathaisnéis
Breith17 Nollaig 1972
Tuaisceart Éireann, Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Bás6 Eanáir 2020
47 bliana d'aois
Carraig Fhearghais, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmláithreoir teilifíse, fógróir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre2010 –
TeangachaBéarla

Saol pearsanta cuir in eagar

Rugadh Clements i Latharna i 1972 agus ba mac é le Roy agus Helen Clements. Bhí deartháir, Gavin, aige agus ní raibh ach dhá chol ceathrar acu, Simon agus Wendy Davis. Bhí sé pósta ar Natasha agus bhí beirt chlainne acu, Poppy agus Robbie.[1]

Rinne Clements staidéar ar thíreolaíocht ar an ollscoil agus bhí cónaí air sa Chóiré Theas ar feadh tréimhse agus é ag teagasc Béarla.[2] Roimh a ghairm raidió, bhí Clements ina fhear díolacháin beorach.[3]

Chuir Clements lámh ina bhás fhéin ar an 6 Eanáir 2020.[4]

Gairm cuir in eagar

Citybeat / Q Radio (2010–2019) cuir in eagar

Thosaigh gairm raidió Clements nuair a chuir sé scairt ar Citybeat le ceist a chuir fá chad é mar thiocfadh leis a bheith ar an raidió. Coicís ina dhiaidh dó taifeadadh taispeána a sheoladh isteach, bhí sé ar an aer.[3] Chuir Clements clár brifeasta Q Radio i láthair go dtí an 21 Meitheamh 2019 i dteannta le Sara Neill agus, níos déanaí, Cate Conway ar an stáisiún raidió tráchtála. Chuir an láithreoir iomaitheorach Stephen Nolan síos ar chlár Clements mar cheann de na cinn is nuálaí agus is greannmhaire ar éist sé leis riamh. Nuair a d'fhág sé, dúirt sé nach "rud ar bith níos lú ná pribhléid a bhí ann riamh" an seó a óstáil.[5]

Ba é mír amháin den seó Through the Window, coincheap raidió de Through the Keyhole. Sa mhír labhair Clements le carachtar agus lig sé d’éisteoirí buille faoi thuairim a thabhairt cén duine cáiliúil nó aghaidh áitiúil a bhí ann. Thug sé tagairtí grinn freisin do shaincheisteanna polaitiúla a bhí ag dul ar aghaidh. D'aithinn sé a bhean mar chumadóir an mhírn, i ndiaidh comhrá a bhí acu agus iad ar saoire.[3]

Le linn na tréimhse seo scríobh sé leabhar sárdhíol, Back In Our Day, a eisíodh ar an 15 Samhain 2017.[6][7]

BBC (2019–2020) cuir in eagar

I mí Mheán Fómhair 2019, d’fhógair Clements go bhfuair sé “post nach mbeadh deis aige a fháil arís” agus chuaigh sé isteach le BBC Raidió Uladh. Tháinig a sheó, Seó Stephen Clements nó The Stephen Clements Show, in áit Seó Sheáin Coyle nó The Seán Coyle Show. Craoladh a chéad seó ar an 23 Meán Fómhair agus bhí a sheó deireanach ar an 6 Eanáir.[8]

Chomh-chuir sé an tsraith theilifíse Open for Summer i láthair le linn an Chraobh Oscailte Gailf i bPort Rois in 2019 chomh maith le clár Children in Need de chuid BBC na sé chontae i mí na Samhna 2019 le Holly Hamilton.[9]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Ryan Smith (2017-11-06). "Q Radio's Stephen Clements to release first book" (en). BelfastLive. Dáta rochtana: 2020-12-31.
  2. "Stephen Clements: BBC Radio Ulster presenter dies age 47". bbc.co.uk (7 Eanáir 2020). Dáta rochtana: 31 Nollaig 2020.
  3. 3.0 3.1 3.2 "Stephen Clements: The former beer salesman turned DJ who counts Arlene Foster among his biggest fans". belfasttelegraph.co.uk (22 Feabhra 2016). Dáta rochtana: 31 Nollaig 2020.
  4. Allan Preston (24 Márta 2020). "Stephen Clements: He was in a very hard place but we didn't know, says tragic DJ's brother". belfasttelegraph.co.uk. Dáta rochtana: 31 Nollaig 2020.
  5. Chris Sherrard (21 Meitheamh 2020). "https://www.belfastlive.co.uk/news/belfast-news/stephen-clements-leaves-q-radio-16464002". belfastlive.co.uk. Dáta rochtana: 31 Nollaig 2020.
  6. Ryan Smith (6 Samhain 2017). "Stephen Clements: 'When they asked me to write a book I thought they meant Stephen Nolan!'". belfastlive.co.uk. Dáta rochtana: 31 Nollaig 2020.
  7. David Hunter (07 Eanáir 2020). "Former Q Radio presenter Stephen Clements dies suddenly". goqradio.com. Dáta rochtana: 31 Nollaig 2020.[nasc briste go buan]
  8. Orlaith Clinton (12 Meán Fómhair 2019). "Stephen Clements to host new BBC Radio Ulster programme". belfastlive.co.uk. Dáta rochtana: 31 Nollaig 2020.
  9. "Stephen Clements: BBC Radio Ulster presenter dies age 47". bbc.co.uk.