Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí

Is é Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí (Béarla: Director of Public Prosecutions nó DPP) ionchúisitheoir an Stáit in Éirinn. Is é an SIP a riarann cúiseanna coiriúla in Éirinn.

Is i mBéarla a reáchtálann Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí a chuid cúiseanna. Níl dualgas dlíthiúil orthu a dtaobh den chás a rith i nGaeilge. Tá dualgas stáit de réir Acht na dTeangacha Oifgiúla ar chomhlachtaí stáit atá ag plé le cás sibhialta a dtaobh den chás a rith i nGaeilge, más é sin toil na bpáirtithe eile sa chás.

Tá ceart ag duine, áfach, Gaeilge a labhairt in aon chúirt i bPoblacht na hÉireann agus go mbeadh ateangaire curtha ar fáil dó de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.