Stiofán Ó Cualáin (damhsóir)

múinteoir agus damhsóir ar an sean-nós as Carna, Co. na Gaillimhe

Múinteoir scoile agus damhsóir ar an sean-nós as Carna ab ea Stiofán Ó Cualáin. Thosaigh sé ag múineadh scoile ar Inis Bearachain sa bhliain 1952, agus mhúin sé damhsa “i ngach scoil ó Leitir Mealláin go Ros a' Mhíl”.[1]

Infotaula de personaStiofán Ó Cualáin
Beathaisnéis
BreithCarna Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Mhuire, Gaillimh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheCarna
An Leic
Teanga dhúchaisan Ghaeilge
Gníomhaíocht
Gairmmúinteoir scoile Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

D'fhág sé a cheantar dúchais in 1969 chun cúrsa traenála a dhéanamh i Luimneach, ansin tréimhsí ag múineadh i gClaí Bán i nGaillimh, i Scoil na hAirde Móire, agus ar an gCaiseal mar phríomhoide ar feadh seacht mbliana déag. Chuaigh sé ar scor in 1985.[1]

Bhí sé pósta le Caitlín Ní Dhúbháin as Cill Rícill, agus thógadar naonúr clainne ar an Leic, Leitir Móir, ansin i gCarna féin.

Nasc seachtrach cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Mac Con Iomaire, Liam (1997). "Conamara: An Tír Aineoil" (in ga). Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht. ISBN 1-900693-39-9.