Suttonella indologenes

speiceas baictéar

Is baictéar slatcruthach Gram-dhiúltach den fhine Cardiobacteriaceae é Suttonella indologenes (nó Kingella indologenes roimhe seo). Cosúil le baill eile dá fhine, is baictéar é a mheastar a bheith i láthair de ghnáth sa chonair riospráide. Fuarthas amach gur annamh a bhíonn sé ina chúis le h-ionchairdíteas, ionfhabhtú ar na comhlaí croí. Fuarthas sa tsúil é freisin. D'fhéadfadh sé ionfhabhtuithe súl a chur ort. Is beag atá ar eolas faoi mar bhaictéar seachas a struchtúr agus a chomhdhéanamh bithcheimiceach. Cosúil le baill eile ina fhine, sainchomhartha den bhaictéar seo is ea 16S ARN ribeasómach atá comhdhéanta de 1474 phéire bunanna..[1][2][3]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoSuttonella indologenes Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Ruaimniú Grambaictéir Ghram-dhiúltacha Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
RíochtPseudomonadati
FíleamPseudomonadota
AicmeGammaproteobacteria
OrdCardiobacteriales
FineCardiobacteriaceae
GéineasSuttonella
SpeiceasSuttonella indologenes Cuir in eagar ar Wikidata

Stair cuir in eagar

Sa bhliain 1976 fuair an speiceas "Moraxella kingae" ardú céime chun a bheith ina ghéineas faoi leith, sé sin "Kingella". Chuir Snell agus Lapage, dhá speiceas úrnua isteach sa ghéineas nua. "K. indologenes" agus "K. denitrificans".[3] Sa bhliain 1990 bhog Dewhirst et al. "Kingella indologenes" (Snell and Lapage, 1976) go dtí an géineas nua "Suttonella", ag athainmniú na speiceas "Suttonella indologenes". Ag an am céanna, d'aistrigh siad "Bacteroides nodosus" (Beveridge 1941) go dtí an géineas nua "Dichelobacter" agus mar gheall air sin cruthaíodh an speiceas nua "Dichelobacter nodosus". Leis na hathruithe seo rinne siad an géineas "Cardiobacterium", "Dichelobacter", agus "Suttonella" a athshannadh go dtí fine nua Cardiobacteriaceae . Féach thíos le haghaidh fíligineachta na fine. Shainaitear an fhine nua Cardiobacteriaceae trína chruth, atá slatcruthach agus Gram-diúltach. Tá pili aige freisin, ach níl sé ina bhaictéir lascaideach. D'fhéadfadh "C. hominis" bheith ina chúis le h-ionchairdíteas a chur ort freisin. Tá "C. Hominis" mar chuid de ghrúpa baictéir HACEK gur chúis leo h-ionchairdíteas ionfhabhtaíoch. Ní cuid den ghrúpa HACEK é "S. indologenes" ach tá tréithe an-chosúla aige.[1] [4][5] Tar éis Dewhirst et al.,ní dhearnadh aon dul chun cinn suntasach sa taighde ar an speiceas "S. indologenes". Cé go bhfuarthas amach go bhfuil an speiceas ina ghníomhaire ionchairdíteach. De bhreis air sin, sa bhliain 2005. cuireadh i láthair an chéad chás ar a dtugtar ionchairdíteas próistéiseach, de bharr "S. indologenes", go grafach trí mhacalla chardaghrafaice.


Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Dewhirst (October 1990). "Teideal in easnamh ar an lua Either specify one, or click here and a bot will try to complete the citation details for you. {{{title}}}". International Journal of Systematic and Evolutionary Microbiology 40 (4): 426–433. doi:10.1099/00207713-40-4-426. PMID 2275858. [nasc briste go buan]
  2. "Teideal in easnamh ar an lua Either specify one, or click here and a bot will try to complete the citation details for you. {{{title}}}" (2019-03-12). 
  3. 3.0 3.1 J. J. S. SNELL (October 1976). "Teideal in easnamh ar an lua Either specify one, or click here and a bot will try to complete the citation details for you. {{{title}}}". International Journal of Systematic Bacteriology 26 (4): 451–458. doi:10.1099/00207713-26-4-451. [nasc briste go buan]
  4. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".
  5. Yang (May 2011). "Teideal in easnamh ar an lua Either specify one, or click here and a bot will try to complete the citation details for you. {{{title}}}". Journal of the American Society of Echocardiography 24 (5): 592.e1–592.e3. doi:10.1016/j.echo.2010.08.005. PMID 20833508. 

Naisc sheachtracha cuir in eagar