Smiolodón
Is éard is Smilodon (Gaeilge:Smiolodón) ann ná géineas d'fhofhine na Machairodontinae éagtha, sé sin na Felidae. Tá sé ar cheann de na creachadóirí cuarfhiaclacha is fearr aithne agus ar cheann de na mamaigh réamhstairiúla is cáiliúla. Cé go dtugtar tíogar cuarfhiaclach air go coitianta, ní raibh dlúthbhaint aige leis an tíogar ná le cait nua-aimseartha eile. Bhí cónaí ar Smilodon i gCríocha Mheiriceá le linn an tsealaid Phléisticéinigh (2.5 mya – 10,000 bliain ó shin). Creachadóir a bhí ann agus d'itheadh sé mamaigh mór eile. Aithnítear trí speiceas inniu: S. gracilis, S. fatalis, agus S. populator. Is dócha gur shíolraigh an dá speiceas dheireanacha ó S. gracilis,a d'eascair is dócha ó Mhegantereon. Is iad na céadta eiseamláirí a fhaightear ó Phoill Tarra La Brea i Los Angeles an bailiúchán is mó d'iontaisí Smilodon.
Smilodon | |
---|---|
Sonraí | |
Fad | 175 cm |
Airde | 100 cm |
Mais | 280 kg |
Tacsanomaíocht | |
Aicme | Mammalia |
Ord | Carnivora |
Fine | Felidae |
Fofhine | Machairodontinae |
Géineas | Smilodon Lund, 1842 |
Méid | |