T-Bone Burnett
Is ceoltóir, cumadóir agus léiritheoir ceoil é Joseph Henry “T-Bone” Burnett. Oibríonn sé den chuid is mó sa tseánra Americana nua-aimseartha, cineál meascán idir bluegrass, ceol tuaithe, agus an rac-cheol. Tá cáil air mar chumadóir le haghaidh scannáin agus teilifís.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 14 Eanáir 1948 76 bliana d'aois St. Louis, Missouri |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | R. L. Paschal High School (en) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | amhránaí is scríbhneoir, giotáraí, cumadóir, ceoltóir, léiritheoir ceirníní |
Tréimhse oibre | 1972 – |
Seánra | Rac-cheol |
Uirlis | Giotár |
Lipéad ceoil | Universal Music Group |
Teaghlach | |
Céile | Callie Khouri Sam Phillips (1989–2004) |
Gradam a fuarthas | |
Suíomh gréasáin | tboneburnett.com |
|
Saothair Shuntasacha
cuir in eagarOibríonn Burnett go minic leis na deartháireacha Cohen, mar léiritheoir ceoil. Rinne sé na fuaimrianta do na scannáin "O Brother Where Art Thou" (2000) agus "Inside Llewyn Davis" (2013) leo. Rinne sé fuaimrianta do na scannáin "Crazy Heart" agus "The Hunger Games" freisin. Chomh maith leis sin, oibríonn sé ar chláir teilifíse, ar nós "True Detective" agus "Nashville".
Saol Pearsanta
cuir in eagarIs as cathair St. Louis, Missouri, SAM é. Joseph Henry Burnett an t-ainm breithe a tugadh dó. Tá sé pósta anois den dara huair. <ref>Link text Curtha i gcartlann 2008-06-12 ar an Wayback Machine