Gormfhéar (ceol)

(Athsheolta ó Bluegrass)

Ceol tuaithe sna Stáit Aontaithe is ea gormfhéar,[1] a bhaineann feidhm as maindilíní, bainseónna, giotáir, giotáir le hathshonadóirí miotalacha, agus canadh ard in armóin.

Duration: 39 seconds.
The Apple Barn and Cider Mill - D.F. 2023

D'fhás an Gormfhéar ó cheol tuaithe na hEorpa agus ceol an chine ghoirm. Thosaigh sé i réigiún na sléibhte Apaláiseacha, agus ba iad rí-mháistrí an cheoil seo an t-amhránaí is seinnteoir maindilín Bill Monroe (1911-1996), an seinnteoir bainseó Earl Scruggs (1924-), an seinnteoir giotáir Lester Flatt (1914-1979), agus Jimmy Martin (1927-2005).[2]

  1. i mBearla, bluegrass
  2. Hussey, Matt (2011). "Gormfhéar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 328.