Tamworth, Ontario

pobal beag i gContae Lennox agus Addington, Ontario, Ceanada

Is pobal beag é Tamworth i mbailecheantar Stone Mills i Lennox and Addington County (Contae Lennox agus Addington), Ontario, Ceanada. Tá Tamworth suite lastuaidh de Napanee, agus soir ó thuaidh ó Bhelleville, in aice le Beaver Lake (Loch na mBéabhar). Sníonn am loch seo isteach i Salmon River (Amhainn na mBreadán) a shreabhann trí Tamworth agus ba é an t-uisce sreafa seo a bhí freagrach as mórán de thráchtáil iarmhuilte Tamworth.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilTamworth, Ontario

Suíomh
Map
 44°28′00″N 76°59′00″W / 44.4667°N 76.9833°W / 44.4667; -76.9833
Stát ceannasachCeanada
Cúige CheanadaOntario Cuir in eagar ar Wikidata

Stair cuir in eagar

I dtosach báire, sa bhliain 1826, thóg Calvin Wheeler roinnt muilte anseo sna 1840idí agus tugadh Wheeler's Mills air ar dtús. Sa bhliain 1848, osclaíodh oifig an phoist faoin ainm reatha, a ainmníodh as Tamworth, Staffordshire. Bhí meas ag Wheeler ar Sir Robert Peel, Feisire Parlaiminte Tamworth.[1]

[2]

Bhí an ceantar socraithe ag go leor inimirceach Éireannach agus faoi 1865ba é 500 daonra an cheantair. Sa bhliain 1884 bhí trí thraein ag imeacht go Napanee gach lá ag an Tamworth and Quebec Railway. Nuair a bhí an clúdach foraoise bainte ní raibh an ithir a bhí fágtha den chaighdeán ab fhearr, ach lean feirmeoirí orthu agus chuimsigh an limistéar go leor monarchana cáise. D’fhéadfadh feirmeoirí cur lena n-ioncam trí chrainn a ghearradh sa gheimhreadh le dul ag snámh síos Abhainn Napanee go muilte sa deisceart.

Is meascán d'fheirmeacha, tithe agus teachíní ar Loch na mBéabhar é Tamworth inniu, agus áirítear leis seirbhísí amhail; séipéil, réimse haca, niteoir carranna, bialanna, siopa crua - earraí, siopa grósaera, cógaslann, siopa eischeadúnais, leabharlann agus go leor eile.

An Ghaeltacht cuir in eagar

Lena chois sin, tá an chéad cheantar ina labhraítear Gaeilge na hÉireann, nó Gaeltacht, taobh amuigh d'Éirinn in Tamworth. I measc na bpleananna don láithreán tá cábáin le cóiríocht a thabhairt do bhreis is 100 duine, seomraí ranga, agus músaem.

Spóirt cuir in eagar

Bhí foireann amaitéarach Sinsearach A ag Tamworth ó 2003 go 2005. D'imir The Braves i Sraith Haca Sinsearach Oirthear Ontario . D'fheidhmigh foireann Shraith II Sóisearach "A", ar a dtugtar The Tamworth Cyclones, ó 2007 go 2009 i Sraith Haca Shóisearach A Mhórcheantar Metro .

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Place names of Ontario" (1997). Toronto: University of Toronto Press. Dáta rochtana: 23 October 2017. 
  2. Rayburn (1997). "Place names of Ontario". Toronto: University of Toronto Press. ISBN 0-8020-7207-0. Dáta rochtana: 23 October 2017. 

Naisc sheachtracha cuir in eagar