Tanaide Mór mac Dúinnín Ó Maolconaire

Staraí agus file Éireannach ba ea Tanaí Mór mac Dúinnín Ó Maolchonaire (Tanaide Mór mac Dúinnín Ó Maolconaire). Connachta, who served as historians and poets to the Síol Muireadhaigh, and their rulers, the Uí Chonchúir ríthe na gConnacht.

Infotaula de personaTanaide Mór mac Dúinnín Ó Maolconaire
Beathaisnéis
Breith13 haois
Bás1310
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata

Rinneadh Ollamh de sa bhliain 1270, i gcomharbacht ar Dubhshúileach (agus b'fhéidir Dúnlaing) Ó Maolchonaire. Bhí Dúinnín athair Tanaí Mhóir ina Ollamh fosta.[1] Tugtar a ghinealach mar:

Tanaide Mor mac Dúinnín meic Nede meic Conaing Buide Ó Maolconaire.

Feictear i nAnnála Chonnacht an rann a leanas faoi:

Ro chaith Tanaide treorach
mac Duinnin, ollam eolach,
cethracha bliadan blaidi[2]
ar lár Lesa Lerthaile.

Is dócha gurbh é Lios Learthaile a áit ollúnachta.

Deirtear ina thásc don bhliain 1310:[3]

Tanaide h. Maelconaire ollam Sil Muredaigh Muillethain meic Fergusa re filidecht & senchus do ecc i tosach na bliadna-sa .i. isin errach cruaid.
Tanaide Ó Maolconaire, Ollamh Shíol Muireadahigh, le filíocht agus seachas, d'éag i dtosach na bliana seo, .i. san earrach crua.

Ní fios cé a tháinig go díreach i gcomharbacht air. Ba é Tanaide Ó Maolconaire (eile) an chéad duine eile a fheictear sa phost, a fuair bás sa bhliain 1385.[4]

Foinsí cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Annála Chonnacht, AC 1270.18
  2. .i . bladh, clú, cáil
  3. AC 1310.2
  4. AC 1385.15


Réamhtheachtaí
Dubsúilech Ó Maolconaire
Ollamh Shíol Mhuireadaigh
1270–1310
Comharba
Tanaide Ó Maolconaire