Teach Pieta
Is ionad éigeandála d’fhéindochar agus féinmharú é Teach Pieta nó Pieta House.[1] Tugann an carthanas comhairle phroifisiúnta d’aon duine a thagann chucu a deir go bhfuil smaointe féinmharaithe nó féindochair acu.[2] Is féidir le haon duine dul chucu gan aon atreorú ó dhochtúir. Níl costas ag baint leis na seirbhísí a chuireann siad ar fáil.
Sonraí | |
---|---|
Cineál | eagraíocht neamhbhrabúis |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 2006 |
Táscaire eacnamaíoch | |
Ioncam iomlán | 5,420,470 € (2014) |
Suíomh gréasáin | pieta.ie |
Chabhraigh an eagraíocht le breis agus 17,000 duine ó thosaigh siad sa bhliain 2006. Thosaigh an síceolaí Joan Freeman an eagraíocht i Leamhcán i mBaile Átha Cliath toisc nach raibh mórán seirbhísí ar fáil ag an am le féinmharú a chosc.
Thosaigh Teach Pieta amach le hionad amháin agus bhí naoi gcinn acu timpeall na tíre sa bhliain 2015 (i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Ciarraí, Luimneach, Tiobraid Árann agus Gaillimh).
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Irish Independent (2015). "DÓLÁS GO SÓLÁS ANOIS AR FUD AN DOMHAIN". www.pressreader.com. Dáta rochtana: 2020-05-09.
- ↑ pieta.ie. "Suíomh". www.pieta.ie. Dáta rochtana: 2021-03-26.